Tá Helen Ní Shé, iarchraoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, le hinsealbhú i Halla na Laochra Raidió IMRO ag tús na míosa seo chugainn.

Chuir Helen Ní Shé tús lena gairm craoltóireachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1986 agus thug sí beagnach 40 bliain as san go 2024 ag obair mar léiritheoir agus mar láithreoir cumasach, críochnúil le cluais ghéar agus le comhbhá as an gcoitiantacht.

Mar láithreoir ar an gclár irise, An Saol ó Dheas, idir na blianta 2007 agus 2024 a thuill Helen a clú is a cáil. Chruthaigh sí múnla ar leith, tearmann nó gnáthóg don éisteoir idir íochtarán is uachtarán leis an Saol ó Dheas.

Thug sí éisteoirí ar aistear cúig lá na seachtaine. Cuireadh a bhí sa Saol ó Dheas ag Helen. Cuireadh chun goil is gáirí. Cuireadh chun cainte, chun ceoil is chun cadrála. Cuireadh chun do dhá shúil a oscailt agus do dhá chluais a bhioradh don rud logánta, don scéal suaithinseach agus don ndraíocht a bhí le braistint ins an ghnáth shaol.

Bhí macallaí mhuintir na Gaeltachta mogallaithe ins na hiontaisí agus na heolaistí a chuir Helen ós comhair an éisteora agus cuireadh an uile ní i láthair le géarchúis, le greann agus le daonnacht.

Tá aitheantas fachta cheana ag Helen i dtionscal na craoltóireachta. Bronnadh gradam Craoltóir na Bliana an Oireachtais uirthi i 2014 agus 2018, gradaim a léiríonn an urraim agus an meas a bhí ag a comhghleacaithe agus a pobal uirthi mar chraoltóir

Leis na cláracha a chuir Helen Ní Shé os comhair an phobail, tá a cion féin déanta aici i gcaomhnú agus i gcur chun cinn oidhreacht uasal a muintire. Lena dúthracht is a dícheall ar thóir an scéil, tá éirithe le Helen guthanna, traidisiúin agus tuscintí Gaeltachta a bhuanú mar chuid de thírdhreach na meán in Éirinn.

Tugann Gradam Saoil IMRO onóir dóibh siúd a d'fhág rian buan ar chraoltóireacht raidió sa tír seo. Fágann na blianta seirbhíse, na caighdeáin iriseoireachta agus an dílseacht a bhí aici do chraoltóireacht seirbhíse poiblí agus dá pobal go bhfuil an gradam seo tuillte go hiomlán ag Helen Ní Shé.

radio presenter
Dara Ó Cinnéide, Bainisteoir Réigiúin Chúige Mumhan, Helen Ní Shé agus Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha