Caith do vóta anseo: Cóisir Cheoil - An tAmhrán is Ansa Linn

Rialacha an Chomórtais - #AmhránRnaG - An tAmhrán Is Ansa Linn

Mar is iondúil le tionscadail phoiblí ag RTÉ, tá roinnt rialacha a bhaineann leis. Chun a chinntiú go n-áireofar do rogha, léigh an méid seo thíos le do thoil.

Trí pháirt a ghlacadh sa vóta, glacann tú leis na téarmaí go léir a bhaineann leis, chomh maith le polasaithe RTÉ maidir le príobháideachas agus úsáid an tsuímh.

Céim 1: Ainmniúcháin · Téigh chuig suíomh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an nasc chun amhrán a ainmniú

· Is féidir leat níos mó ná amhrán amháin a mholadh

· Ní féidir an t-amhrán céanna a mholadh níos mó ná uair amháin

· Ní ghlacfar le haon ainmniúchán i ndiaidh an spriocdháta (10 Meitheamh 2026, 5pm)

· Is é RTÉ a dhéanfaidh an cinneadh deiridh faoi cé acu amhráin atá incháilithe

Céim 2: Moltóirí

Roghnóidh painéal moltóirí, a bhfuil saineolas agus grá acu don cheol agus do na hamhráin, 30 amhrán as na moltaí a thagann isteach. Beidh siad ag iarraidh raon leathan de na hamhráin is mó a bhfuil lorg fágtha acu a liostáil.

· Fógrófar an gearrliosta mar seo a leanas ar an gclár Cóisir Ceoil:

  • Uimhir 30-21 ar an 18ú Meitheamh
  • Uimhir 20-11 ar an 22ú Meitheamh
  • Uimhir 10-1 ar an 23ú Meitheamh

· Tá ag daoine go dtí an 10ú Meitheamh 2026 ag 5pm moltaí a chur isteach chugainn

Féadfaidh RTÉ moltaí a chur as an áireamh má cheapann siad go bhfuil rud éigin amhrasach ag baint leo. Is cinneadh deiridh ag RTÉ é seo.

Eolas Tábhachtach

  • Ní comórtas é seo – níl duaiseanna i gceist
  • Féadfaidh RTÉ an tionscadal a athrú nó a chur ar ceal ag am ar bith
  • Déanfar seiceáil ar gach ábhar a chuireann an pobal isteach sula bhfoilseofar é

Ábhar ón bPobal

Má chuireann tú ábhar (mar shampla téacs, ábhar fuaime, grianghraf nó físeán) chugainn:

  • Tugann tú cead do RTÉ é a úsáid agus a fhoilsiú
  • Caithfidh sé gur leatsa an t-ábhar sin agus gan aon dlí a bhriseadh
  • Caithfidh cead a bheith agat ó aon duine a fheictear ann
  • Ní cheadófar ábhar míchuí ná maslach

Ní gheallann RTÉ go bhfoilseofar d'ábhar.

Freagracht

Ní ghlacann RTÉ freagracht as fadhbanna teicniúla a d’fhéadfadh cur isteach ar mholtaí ón bpobal. Má tharlaíonn fadhb, is ag RTÉ a bheidh an cinneadh deiridh.

Is faoi na moltóirí a bheidh sé aird a thabhairt ar na moltaí ón bpobal, iad sin a thabhairt san áireamh sa phróiseas, agus na h-amhráin a liostáil de réir mar a cheapann siad gur cheart a dhéanamh. Is é RTÉ a dhéanfaidh an cinneadh deiridh faoi seo.

Cosaint Sonraí

Bainfear úsáid as do chuid sonraí pearsanta de réir reachtaíocht na hÉireann.

Le linn ainmniúchán:

  • Ainm
  • Seoladh IP
  • Do rogha agus do thuairim

Coinneoidh RTÉ na sonraí ar feadh tréimhse réasúnach agus ní roinnfear iad le páirtithe eile (seachas soláthróirí seirbhíse ar nós Microsoft Forms).

Do Chearta

Tá sé de cheart agat:

  • Cóip de do shonraí a fháil
  • Rochtain agus smacht a bheith agat ar do shonraí

Féach ar bheartas RTÉ le haghaidh tuilleadh eolais.