Luchtóirí

Dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy go bhfuil ganntanas luchtóirí d'fheithiclí leictreacha ag cur isteach go mór ar chúrsaí turasóireachta agus ar ghnó in Ard an Rátha.

Dúirt an Comhairleoir Molloy ag cruinniú den Chomhairle Contae an tseachtain seo go bhfuil an baile ag brath go mór ar thurasóireacht agus go bhfuil sé náireach nach bhfuil an t-infreastruchtúr go fóill sa cheantar.

Tá an oiread rachairte anois ar charranna leictreacha agus ba cheart go mbeadh na háiseanna ar fáil le turasóirí atá á dtiomáint a mhealladh go dtí an contae, a dúirt sé.

Coincréit Lochtach

Glacadh le rún ón Chomhairleoir Contae Joy Beard go ndéanfadh an Chomhairle teagmháil leis an Rialtas le cinntiú nach mbeadh ábhair choincréite atá lochtach ar an mhargadh choíche arís agus go ndéanfaí na tástálacha cuí ar choncréit ó seo amach.

Dúirt sí go bhfuil sé geallta ag an Rialtas go mbeidh an t-eolas faoi na tástálacha atá á ndeanamh ar fáil faoin Nollaig agus go gcaithfear a chinntiú go dtarlóidh seo.

Níor dearnadh na staidéir chearta sna blianta a chuaigh thart agus tá pobail ag fuilstin go trom dá bharr a dúirt sí.

Dúirt Anne Marie Conlon, stiúrthóir Tithíochta na Comhairle Contae go rachadh an Chomhairle i dteagmháil leis an Aire Tithíochta James Browne maidir leis an cheist.

Míchumas

Glacadh le cáipéis an Chomhairleora Contae Jack Murray maidir le feabhas a chur ar Straitéis an Aontais Eorpaigh ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas ag Coiste Réigiún Choimisiún SEDEC sa Bhruiséil inné.

Tá an Comhairleoir Murray ina rapóirtéir ar Choiste Eorpach na Réigiún, áit a bhfuil sé i gceannas ar an straitéis le cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn go dtí 2030.

Dúirt an Comhairleoir Murray go ndeachaigh sé i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus grúpaí ionadaíocha i nDún na nGall agus ar fud na hEorpa nuair a bhí sé ag obair ar an cháipéis.

Tá sé mar aidhm ag an cháipéis feabhas ar chur ar chearta daoine faoi mhíchumas ó thaobh oideachais, fostaíochta, cúrsaí iompair agus cónaí neamhspleách de, a dúirt an Comhairleoir Murray.

Leabhar

Bhain an leabhar Maith Thú a Mhicí, scéalta Mhicí Sheáin Néill Uí Bhaoill as Rann na Feirste, atá foilsithe ag Eabhlóid, Gradam Uí Shúilleabháin 2026.

Bronnadh an Gradam ag Gradam Foilsitheoireachta an Oireachtais a bhí ar siúl in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh aréir.

Foilsíodh Maith Thú a Mhicí den chéad uair i 1956 agus d’fhoilsigh Eabhlóid an t-eagrán úr den leabhar i mbliana.