Cumhacht Aibhléise

Tá níos mó nó 800 custaiméir gan chumhacht aibhléise maidin inniu i ndiaidh an rabhaibh aimsire do ghaoth láidir a bhí i bhfeidhm tráthnóna inné agus aréir.

Tá 600 custaiméir i mBun Dobhráin gan chumhacht.

Níl a fhios ag Bord Soláthair an Leictreachais go fóill cén uair a bheidh an chumhacht ar ais sa cheantar sin.

Tá 200 custaiméir ar an Chraoslach gan chumhacht aibhléise chomh maith le 30 custaiméir i mBun an Phobail.

Meastar go mbeidh an chumhacht ar ais sna ceantair sin maidin inniu.

Sábháilteacht Bóthair

Glacadh le fodhlíthe maidir le trácht ar bhóithre ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall an tseachtain seo.

Dúirt Stiúrthóir Bóithre na Comhairle Bryan Cannon go bhfuair an Chomhairle cuid mhór aighneachtaí ón phobal agus óna baill thofa.

Tá cúrsaí sabháilteachta fíorthábhachtach don Chomhairle agus go gcaithfear achan iarracht a dhéanamh líon na dtaismí bóthair a laghdú sa chontae a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleor Contae Donal Coyle go bhfuil sé tábhachtach an teorann luais a laghdú i gcuid mhaith bailte sa chontae go háirithe in aice le scoltacha.

Seirbhís iompair phoiblí

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála Charles Ward ar an harduithe idir 15% agus 30% atá le theacht ar tháillí iompair phoiblí ar an bhliain seo chugainn.

Dúirt sé sa Dáil inné nach mbeadh muintir Dhún na nGall ábalta na harduithe seo a sheasamh go háirithe do sheirbhís atá go minic lochtach agus nach féidir brath uirthi.

In ainneoin nach bhfuil seirbhís iarnróid ar bith i nDún na nGall, tá an tseirbhís iompair phoiblí go hiomlán easnamhach agus ní fhreastalaíonn sí mar is ceart ar na pobail atá ag brath uirthi dar leis an Teachta Ward.

In áit a bheith ag infheistiú sna seirbhísí bus seo, tá an Rialtas á gciorrú a dúirt sé.

Tá gá le tuilleadh seirbhísí bus go háirithe i Leitir Ceanainn le líon na gcarranna ansin a laghdú, áit a bhfuil fadhbanna móra tráchta, a dúirt an Teachta Ward.

Aire Stáit

Beidh an tAire Stáit Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta John Cummins i láthair ag Comhdháil Chumann Rialtas Áitiúil na hÉireann i Leitir Ceanainn tráthnóna inniu.

Cuirfear tús leis an ócáid ar 5 a chlog agus beidh an oscailt oifigiúil ar 7.30.

Beidh an ócáid ar siúl in Óstán Clanree i Leitir Ceanainn agus beidh dinnéar na Comhdhála ar siúl tráthnóna amárach.

Beidh an tAire Stáit Cummins i láthair in Oifigí na Comhairle Contae i Leifear inniu, áit a mbeidh sé i mbun cainte faoi chúrsaí tithíochta.

Bealaí Glasa

Tá sé tábhachtach go mbeadh maoiniú curtha ar fáil le hobair chothabhála a dhéanamh ar bhealaí glasa sa chontae, a dúirt an Comhairleor Contae Terry Crossan.

Dúirt sé ag cruinniú na Comhairle Contae an tseachtain seo nach bhfuil maith ar bith maoiniú a cheadú do bhealach glas muna gcuirfear maoiniú i leataobh le hobair chothabhála a dhéanamh.

Socraíodh an cheist a phlé leis an Roinn.

Mhol an Comhairleor Martin Scanlon leasú ar rún an Chomhairleora Crossan agus glacadh leis an leasú, sé sin gur cheart go mbeadh maoiniú d'obair chothabhála san áireamh in aon Bhealach Glas a bheidh á fhorbairt amach anseo.