Bealach Gharbhachaidh
D'aontaigh Comhairle Condae Dhún na nGall le rún éigeandála ag cruinniú den Chomhairle Condae inné ag léiriú dlúthpháirtíochta le Cónaitheoirí Bhealach Gharbhachaidh. Ba é an Comhairleoir Condae Gerry Mc Monagle a mhol an rún agus thug an Comhairleor Terry Crossan tacaíocht do. Chuir an Comhairleor Mc Monagle fáilte roimh an tacaíocht a tugadh don rún agus dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach an teachtaireacht a thabhairt do Chónaitheoirí Bhealach Gharbhachaidh go bhfuil Comhairle Condae Dhún na nGall sásta seasamh leo agus achan tacaíocht a thabhairt daofa. Dúirt sé gur cheart go mbeadh pobail in ann maireachtáil faoi shíocháin agus a bheith saor ó idirdhealú agus ó chiapadh seicteach.
Bealach Gharbhachaidh
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Condae an Comhairleoir Gary Doherty gur fhulaing pobal Bhealach Gharbhachaidh go leor sna blianta a chuaigh thart agus go bhfuil sé tábhachtach go leanadh an tsiocháin ar aghaidh mar a bhí le ocht mbliana is fiche. Léirigh sé imní faoin mhíshuaimhneas atá ansin faoi láthair agus dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach nach rachadh cúrsaí síochána sna Sé Chondae chun gcúil. Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach dínit agus meas a thaispeáint do phobal Bhealach Gharbhachaidh agus nach bhfuil sé ag cur in éadan chultúr ar bith.
Slándáil
Tá foláireamh eisithe ag Gardaí Dhún na nGall d’úinéirí tí aird faoi leith a dhíriú ar chúrsaí slándála ag a dtithe cónaithe, go hairithe anois le linn an gheimhridh. Deir Gardaí gur tuairiscíodh roinnt eachtraí buirgléireachta i gceantar Thamhnach an tSalainn le cupla lá anuas agus tá siad ag iarraidh ar úinéirí tí sa cheantar sin go háirithe, athbhreithnniú a dhéanamh ar na bearta slándála atá i bhfeidhm acu. Deir na Gardaí go mbíonn ardú i líon na n-eachtraí gadaíochta ó thithe le linn mhíonna an gheimhridh agus tá siad ag moladh do dhaoine fuinneoga agus doirse a chur faoi ghlas, córas aláraim a úsáid, roinnt soilse a lasadh sa teach agus gan suimeanna móra airgid thirim a choinneáil sa teach. Tá siad ag iarraidh ar an phobal teagmháil a dhéanamh leo láithreach má fheiceann siad rud ar bith a bhfuil amhras orthu faoi ina gceantair féin.
Tascfhórsa
Socraíodh go ndéanfadh an Chomhairle Condae teagmháil leis an Rialtas le tasc fhórsa a bhunú dírithe ar bhaile Leitir Ceanainn. Dúirt an Comhairleoir Condae Gerry Mc Monagle ag cruinniú den Chomhairle Condae inné, go bhfuil níos mo infheistíochta tuillte ag baile atá ag fás chomh gasta agus i dtreo stádas cathrach. Dúirt sé go bhfuil pleananna curtha le chéile don bhaile le fiche bliain ach nach bhfuil go leor infheistíochta a dhéanamh agus go gcaithfear an cheist a phlé leis an Rialtas. Ba cheart go mbeadh rannóga éagsúla rialtais agus eagrais stáit ar an tasc fhórsa mar go bhfuil deacrachtaí le bóithre , tithíochta, uisce agus séarachas a dúirt sé agus tá gnólachtaí ag fuilstin dá bharr na ndeacrachtaí.
Tithe tábhairne
Tá Richard Gibson, Stiúrthoir airgeadais na Comhairle Condae le teagmhail a dheanamh leis an Tanaiste agus Aire Airgeadais Simon Harris maidir leis an tábhacht tacaíocht a thabhairt do Thithe Tabhairne i gceantracha tuaithe sa Bhuiséad. Ba é an Comhairleoir Condae agus Tabhairneoir Martin Harley a mhol an rún agus dúirt sé go bhfuil go leor tithe tabhairne ag streachailt mar gheall ar chostais arda agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh scéim ar fáil ag an bhuiséad a chuideodh le tithe tabhairne i gceantracha tuaithe.
Uisce
Tá soláthar uisce buan ar fáil arís do oileán Ghabhla, agus ní gá an t-uisce a bhruith ar an oileán feasta, do réir ráitis ó Uisce Éireann. Tá deireadh curtha anois leis an obair chun píopa úr uisce a thabhairt chun an oileáin. Fuair Uisce Éireann fógra ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte go bhfuil deireadh anois curtha leis an fhógra an t-uisce a bhruith ar an oileán, fógra a bhí i bhfeidhm ó Aibreán na bliana seo.
Ollscoil Teicneolaíochta
Tá campas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh sna Cealla Beaga ar an chéad champas ollscoile in Éirinn ina bhfuil na gléasanna éigeandála EpiPen a gcur ar fáil do mhicléinn. Seoladh an scéim phíolótach an tseachtain seo ar champas na gCealla Beaga, agus beidh na gléasanna á gcoinneáil in aonaid stórála a bhaineann úsáid as fuinneamh in-athnuaite. Is cóir leighis ríthábhachtach atá san instealladh EpiPen do dhuine atá ag fulaingt mar gheall ar ailléirgeach thromchúiseach. Is togra é seo atá á chur i bhfeidhm ag Seirbhís Sláinte na Mac Léinn i gcomhar leis an Rannóg Sláinte agus Sábháilteachta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, chun sláinte agus folláine na mac léinn ar champais na hOllscoile a chur chun cinn.
Paul Edmund Strzelecki
Dhéanfar leacht chuimhneacháin in ómós do Paul Edmund Strzelecki a nochtú ag ócáid a bhéas ar siúl sna Gleanntaí ar an tseachtain seo chugainn. Shábháil an taiscéalaí agus daonnachtaí as an Pholainn níos mó ná 200,000 páiste in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir, 7,000 acu sna Gleanntaí. I measc na n-aíonna a bhéas i láthair ag an ócáid beidh Ambasadóir na hÉireann do Phoblacht na Polainne, Jonathan Conlon, Ambasadóir cúnta Phoblacht na Polainne in Éirinn Artur Michalski, an tAire Stáit sa Roinn Cultúr, Cumarsáide agus Spóirt Charlie McConalogue, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Condae Dhún na nGall John McLaughlin agus Cathaoirleach Cheantar Bardais na nGleanntach, Anthony Molloy. Beidh an ócáid ar siúl Dé Luain seo chugainn ag an 11 a chlog ag lathair trasna an bhealaigh ó Scoil Chuimsitheach na nGleanntach.
Baill dheonacha
Tá feachtas seolta ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall DLDC agus Ionad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall le daoine a spreagadh le bheith ina mbaill dheonacha ar bhoird eagraíochtaí pobail ar fud Dhún na nGall. Sé’n aidhm atá leis an togra nó grúpaí pobail a nascadh le daoine a bhfuil scileanna bainistíochta, rialachais nó gairmiúla acu agus atá sásta saineolas a roinnt chun tacú leis an obair atá ar bun ag na heagraíochtaí áitiúla. Beidh ócáidí eolais á reáchtáil Déardaoin, an 1ú Deireadh Fómhair, in Óstán an Central i mBaile Dhún na nGall óna 11 ar maidin go dtí’n 1 agus óna 5-7 tráthnóna. Beidh foireann agus sainchomhairleoirí ó hIonad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall agus ó Chomhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall ar fáil ar an lá chun eolas a thabhairt faoi na grúpaí agus na heagraíochtaí pobail atá ag lorg baill boird agus tacaíocht ó hoibrithe deonacha.