Breosla
Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, go bhfaighidh 22,800 teaghlach i nDún na nGall liúntas breosla ón tseachtain seo ar aghaidh.
Gheobhaidh teaghlaigh atá i dteideal an liúntais €38 sa tseachtain, nó is féidir leo é a fháil in dhá íocaíocht iomlána de €532.
Tá Dún na nGall i measc na gContaetha is mó sa tír a bhfuil daoine ag fáil an liúntais breosla.
Siúlóid
Tá sé tábhachtach go mbeadh cruinniú ag Comhairleoirí Contae i gCeantar Bardais na nGleanntach agus Comhairleoirí i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh leis an tsiúlóid idir Gleann Bheatha agus an Craoslach a phlé.
Tá an tsiúlóid sa dá cheantar bardais agus dúirt an Comhairleor Ó Fearraigh go bhfuil an tsiúlóid críochnaithe ar thaobh an Chraoslaigh agus €140,000 caite, ach nach bhfuil obair ar bith ná airgead ar bith caite ar thaobh Leitir Ceanainn den tsiúlóid.
Tá an togra á reáchtáil i gcomhar le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Fáilte Éireann.
Tithe
€367,000 an meánphraghas a bhí ar theach leathscoite ceithre sheomra leapa i nDún na nGall sa tríú ráithe den bhliain seo, de réir na tuarascála is deireanaí ó Daft.ie a foilsíodh maidin inniu.
Sin ardú 2% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
Ba €445,000 an meánphraghas ar theach cónaithe sa tír sa tríú ráithe den bhliain, sin ardú 3% le bliain anuas.
Fóram Sláinte an Iarthair
Níl glacadh ar bith ag an Chomhairleoir Declan Meehan, ball d'Fhóram Sláinte an Iarthair, le freagra a fuair sé ón Fhóram go bhfuil cúram maolaitheach ar fáil seacht lá na seachtaine i gcontae Dhún na nGall.
Dúirt sé, de réir a chuid taighde féin, go bhfuil cúram maolaitheach ar fáil cúig lá na seachtaine, agus nach bhfuil an tseirbhís seo ar fáil ag an deireadh seachtaine.
Dúirt sé gur dhearbhaigh Ospís Dhún na nGall dó go bhfuil seirbhís cúraim mhaolaithigh ar fáil cúig lá ach nach bhfuil seirbhís seacht lá ar fáil sa chontae faoi láthair.
Caithfear a chinntiú go mbeidh cúram deiridh saoil ar fáil seacht lá na seachtaine, agus ceithre huaire fichead sa lá, a dúirt an Comhairleoir Meehan.
D’iarr sé ar Fhóram Sláinte an Iarthair soiléiriú a fháil ar an cheist seo, agus achan iarracht a dhéanamh le go mbeidh cúram maolaitheach ar fáil seacht lá na seachtaine i nDún na nGall.
Seirbhís cúraim baile
Bhí seirbhís cúraim baile á cur ar fáil do chóir a bheith 2,500 othar i nDún na nGall sa chéad leath den bhliain seo.
Cuireadh 100,000 uair a chloig breise de chúram baile ar fáil i nDún na nGall idir Eanáir agus Meitheamh i mbliana, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
Tugadh le fios do bhall d’Fhóram Sláinte an Iarthair, an Comhairleoir Ciarán Brogan, cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le cúram baile a sholáthar go bhfuil liostaí feithimh ann go fóill.
Cuireadh 885,000 uair a chloig de sheirbhísí cúraim baile ar fáil i nDún na nGall idir Eanáir agus Meitheamh i mbliana.
Tugadh le fios don Chomhairleoir Brogan go bhfuil dúshlán ag an Fheidhmeannacht Sláinte maidir le hearcú cúramóirí agus cúramóirí a choinneáil, agus dúirt siad go bhfuil achan iarracht ar bun acu chun déileáil leis na dúshláin sin.
Oileáin
Beidh cruinniú poiblí in Ionad an Chroisbhealaí in Árainn Mhór anocht le plé a dhéanamh ar stráitéis úr an Aontais Eorpaigh i leith na n-oileán agus na himpleachtaí a bheidh ag an stráitéis sin ar na hoileáin.
Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Oileán Árainn Mhóir John Mac Eachmharcaigh go bhfuil sé beartaithe ag an Aontas Eorpach straitéis úr a chur i bhfeidhm a bheidh dírithe ar na hOileáin agus dúirt sé go bhfuil súil aige go rachaidh an stráitéis chun sochair d’Árainn Mhór.
Cuirfear tús leis an chruinniú ar 7.30pm
Bealach druidte
Beidh an bealach ó Chroithlí go Mín Uí Bhaoill druidte an tseachtain seo, ó Luan go hAoine.
Tá an bealach druidte ón 8am ar maidin inniu go dtí an 5.30 tráthnóna, agus beidh achan lá an tseachtain seo idir na hamanna sin.
Beidh obair á déanamh ag an Chomhairle Contae ar an phríomhphíopa uisce ar an bhealach fhad le Mín Uí Bhaoill.
Moltar do dhaoine a bheidh ag dul fhad le Mín Uí Bhaoill úsáid a bhaint as bealach Chró na gCúigeadh.