Uachtarán na hÉireann

Bhéarfaidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly cuairt ar Dhún na nGall inniu agus caithfidh sí cúpla lá sa Chontae.

Caithfidh an tUachtarán cuid mhaith den lá inniu ar Árainn Mhór.

Bhéarfaidh sí cuairt ar Ghairmscoil Mhic Diarmada, ar an Chultúrlann agus ar Ionad Pobail Árainn Mhór.

Bhéarfaidh an tUachtarán cuairt ar Inis Bó Finne agus ar Thoraigh amárach.

Beidh an tUachtarán i gColáiste Bhríde Rann na Feirste Dé hAoine agus tráthnóna De hAoine seolfaidh sí Féile Dorn san Aer i gcuimhne ar an Chraoltóir agus ar ár comhghleacaí Rónán Mac Aodha Bhuí a fuair bás trí bliana ó shin.

Tithíocht

Tá Cúrsaí Tithíochta millteanach tábhachtach do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, a dúirt Bainisteoir an Chomharchumainn Caitríona Nic Gairbheith.

Dúirt sí go ndéanann an Comharchumann iarracht cuidiú le daoine atá ag lorg tithe agus tacaíocht a thabhairt daofa agus chuir sí fáilte ar leith roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le scéim Tithíochta ar chíos íseal atá beartaithe ag Údarás na Gaeltachta a fhorbairt in aice le Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Dúirt sí go bhfáiltíonn sí roimh na Scéimeanna Tithíochta Sóisialta atá á dtógáil sa pharóiste ach dúirt sí go bhfuil géarghá scéimeanna a thógáil a bheadh ar fáil ar luach réasúnta.

Áit trasnaithe

Dea-scéal, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh, go bhfuil maoiniú curtha ar fáil chun áit trasnaithe do choisithe a chur ar fáil ag an Chrannóg i nGaoth Dobhair.

Is céim thábhachtach í seo chun sábháilteacht coisithe sa cheantar a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin tráchta atá ag cur isteach ar phobal an cheantair le blianta beaga anuas, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.

Cuirfear tús leis an obair i mí na Samhna.

Otharlann Pobail

Beidh an obair thógála ar Otharlann Pobail úr Leitir Ceanainn críochnaithe sa ráithe dheireanach den bhliain seo.

Tugadh le fios do bhall d'Fhóram Sláinte an Iarthair, an Comhairleoir Gerry Mac Monagail, go bhfuil Stiúrthóir Altranais ceaptha agus go bhfuil ceapacháin eile déanta agus go mbeidh foireann ag dul i mbun oibre ansin i mí Dheireadh Fómhair.

Tá earcaíocht do phostanna eile san Otharlann úr Pobail ar bun faoi láthair.

Dúirt Dermot Monaghan, Bainisteoir Ceantair na Feidhmeannachta, go ndéanfar na háiseanna a oscailt céim ar chéim, agus gur 24 leaba a bheidh ar fáil i dtús báire.

Beidh 110 leaba agus na háiseanna ar fad ar fáil.

Fóram Sláinte

Rinneadh plé leitheadach ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt inné ar na fadhbanna páirceála ag Otharlann Leitir Ceanainn.

Ní leor an 1,100 spás páirceála atá ag an Otharlann faoi láthair, a dúirt an Comhairleoir Ciarán Brogan, agus dúirt sé go bhfuil géarchéim ollmhór le tamall, maidir le heaspa spásanna páirceála ag an otharlann.

Tá plean ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 100 spás breise a chur ar fáil ag Otharlann Naomh Conaill sa ráithe dheireanach den bhliain seo agus 25 spás breise ag Otharlann Leitir Ceanainn.

Tugadh le fios fosta go mbeidh 180 spás páirceála ar fáil ag Otharlann Pobail úr Leitir Ceanainn, atá le hoscailt go luath.

Lá Earnála Dhún na nGall

Beidh Lá Earnála Dhún na nGall á reáchtáil ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta sa gTeic ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair inniu.

Ócáid idirghníomhach a bheidh ann ina bpléifear deiseanna, riachtanais agus todhchaí earnáil na meán Gaeilge i nDún na nGall agus le héisteacht go díreach le lucht na hearnála faoi na scileanna, na tacaíochtaí agus na deiseanna atá de dhíth leis an earnáil a fhorbairt sna blianta amach romhainn.

Beidh an lá inniu ina dheis do chomhlachtaí léiriúcháin, do chruthaitheoirí, do dhaoine atá ag obair sna meáin agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i ngairm bheatha san earnáil a theacht le chéile agus a dtuairimí a roinnt.

Beidh sé ar siúl ón 10-12 maidin inniu.