Tithe an Údaráis

Dea-scéal a dúirt an Comhairleor Contae agus Comhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta Anthony Molloy gur ceadaíodh maoiniú ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta don Chomhlacht Ó Cualáin Teo ocht dteach dhá sheomra a thógáil in aice le Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Dúirt sé go bhfuil sé beartaithe na ceithre theach atá tréigthe ansin a athchóiriú agus ocht dteach ar fad a thógáil ar an suíomh.

Dúirt an Comhairleor Molloy gur ceadaíodh maoiniú €150,000 don chomhlacht leis an scéim a dhearadh agus le hiarratas ar chead pleanála a dhéanamh.

Tá 4.6 acra talaimh ag an Údarás ar an suíomh agus dúirt an Comhairleoir Molloy go bhfuil súil scéim tithíochta eile le haghaidh idir dhá theach déag agus fiche teach a thógáil amach anseo.

Dúirt sé go bhfuil ganntanas mór tithíochta sa cheantar agus go bhfuil na tithe seo a dhíth go géar.

Sábháilteacht Pobail

Tá tús á chur inniu le comhairliúchán poiblí faoi Phlean Gníomhaíochta Sábháilteachta atá á ullmhú ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall.

Tá an Chomhpháirtíocht ag lorg tuairimí ón phobal faoi chúrsaí sábháilteachta, coiriúlacht, iompar frith-shóisialta agus ceisteanna eile a chuireann sábháilteacht an phobail i mbaol.

Tá ceistneoir ar fáil ar líne ón lá inniu mar chuid den phróiseas comhairliúcháin agus beidh seisiúin eolais ar siúl in Ionaid Seirbhísí Poiblí na contae an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.

Glacfar le tuairimí an phobail go dtí Dé hAoine, an 9 Deireadh Fómhair.

Grúpa Forbartha Leitir Mhic a Bhaird

Tá Grúpa Forbartha Leitir Mhic an Bhaird ag impí ar an phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí atá ar bun ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall agus freastal ar sheisiún eolais a bheidh ar siúl i Leabharlann an Chlocháin Léith idir an 2 agus an 4 a chlog amárach.

Deir siad go bhfuil sábháilteacht ar na bóithre ar cheann de na ceisteanna is mó atá ag cur imní ar dhaoine sa chontae.

Tá an grúpa páirteach san fheachtas atá ar bun i Leitir Mhic an Bhaird le haird a dhíriú ar an neamhaird atá á déanamh don teorann luais 60 ciliméadar san uair fríd an bhaile.

Deir siad go léiríonn an scéal gur aontaíodh an teorann luais taobh amuigh de Scoil Bhríde, Leitir Ceanainn, a laghdú go 30 ciliméadar san uair ag amanna áirithe sa lá go bhfuil ag éirí lena bhfeachtas agus go bhfuil na húdaráis ag éisteacht leo.

Grúpa Míolta Móra agus Deilfeann na hÉireann

Tá Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann sna Cealla Beaga an tseachtain seo don togra 'Floating Classroom'.

Dúirt Cian Ó Nialáin, Oifigeach Oideachais agus For-Rochtana le Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann, go bhfuil siad ag obair le scoltacha áitiúla sna Cealla Beaga agus ag cur daltaí ar an eolas faoi na míolta móra agus deilfeanna atá amach ón chósta.

Beidh dhá ócáid ar siúl inniu don phobal, an chéad cheann ná turas báid thart ar Shliabh Liag agus anocht beidh oíche oscailte san Ionad Mairnéalachta sna Cealla Beaga.

Gradaim Réalta Peile CLG

Tá ainmniúchán do Ghradam Réalta Peile nó All Star na Bliana seo faighte ag Michael Langan as Club Naomh Micheál.

Ba é an t-aon imreoir as Dún na nGall a fuair ainmniúchán i mbliana agus é ar dhuine den seisear ainmníodh don dá ghradam lárpáirce.

Fógrófar buaiteoirí na nGradam ag ócáid mhór a bheidh ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath ar an 30 Deireadh Fómhair.