Bealach Chúl an Earagail
Ba cheart d'Údarás na mBóithre Náisiúnta Bealach Chúl an Earagail a ghlacadh faoina gcúram, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh ag cruinniú speisialta faoi chúrsaí bóithre a eagraíodh i Leifear inné.
Dúirt sé go bhfuil obair chothabhála, a chosnaíonn níos mó ná €250,000, á chaitheamh ar an bhealach seo achan bhliain agus go dtagann an maoiniú uilig ó bhuiséad na Comhairle Contae.
Measann an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil bealach Chúl an Earagail níos gnóthaí ná bealach an N56 agus dá nglacfadh Údarás na mBóithre Náisiúnta an bealach faoina gcúram, go mbeadh maoiniú ag an Chomhairle Contae le caitheamh ar bhóithre eile sa cheantar.
Dúirt sé go mbeidh an cheist á tógáil aige le Bonneagar Iompair Éireann.
Bóthar an Ten T
Tugadh le fios ag cruinniú speisialta ar bhóithre a bhí ar siúl ag an Chomhairle Contae inné, gurb é Togra an Ten T an infheistíocht is mó riamh atá á déanamh i dtogra amháin sa chontae.
Meastar go gcosnóidh an togra suas le billiún euro.
40 ciliméadar ar fad atá i gceist agus tá 1,470 acra talaimh a dhíth don togra.
Dúirt Bryan Cannon, Stiúrthoir Bóithre na Comhairle Contae go bhfuil sé tábhachtach go bhfaigheadh an togra cead pleanála nuair a bheidh sé ag an staid sin.
Dúirt sé go bhfuil obair ar siúl faoi láthair ar dhearadh an togra agus ar an iarratas pleanála agus go bhfuil súil aige go gcuirfear tús leis a obair thógála in 2028.
Dúirt an Comhairleoir Contae Ciarán Brogan gur mór an trua go bhfuil an oiread daoine ag cur in éadan an togra mar go bhfuil an t-infreastruchtúr seo fíorthábhachtach agus riachtanach do Dhún na nGall.
Trá na nDúnaibh
D’iarr an Comhairleoir Contae Declan Meehan ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tús a chur le próiseas léirithe spéise le talamh a aimsiú do charrchlós ag Trá na nDúnaibh.
Dúirt sé ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais Leitir Ceanainn Bhaile na nGallóglach go bhfuil deacrachtaí páirceála ag Trá na nDúnaibh le blianta agus go mbíonn tiománaithe ag páirceáil go mífhreagrach agus go contúirteach dá bharr.
Tugadh le fios don Chomhairleoir Meehan nach bhfuil maoiniú ag an Chomhairle Contae faoi láthair le talamh a aimsiú ach dúirt siad go n-oibródh siad le rannóga eile sa Chomhairle le foinsí eile maoinithe a scrúdú.
Tithíocht Shóisialta
Léiríonn figiúirí úra ón Choimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta, a dhéanann maoirseacht ar an earnáil rialtais áitiúil, go raibh Contae Dhún na nGall ar an tríú contae is mó sa tír inar ndearnadh iarfheistiú ar árasáin nó ar thithe sóisialta anuraidh.
Rinneadh uasghrádú ar 200 árasán nó teach de chuid na Comhairle Contae anuraidh, de réir na bhfigiúirí.
Deirtear fosta sa tuarascáil go raibh Comhairle Contae Dhún na nGall ar cheann de na húdaráis áitiúla a bhailigh rátaí tráchtála nó rátaí cíosa tí a bhí níos lú ná an meán náisiúnta anuraidh.
Dún na nGall Abú
Is é inniu lá Dún na nGall Abú ina ndéantar ceiliúradh ar mhuintir, ar áiteanna, ar chultúr agus ar spiorad pobail Dhún na nGall ar na meáin shóisialta.
Is é seo an seachtú bliain den fheachtas, ina mealltar duine ar bith a bhfuil ceangal acu le Dún na nGall, lena mbród don chontae a léiriú.
Tá an feachtas á chomhordú ag Rannóg Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle Contae agus seoladh é i nDrioglann Chroithlí tráthnóna inné.