Oileáin

Tá sé tábhachtach go gcuirfear bearta i bhfeidhm agus trealamh sábháilteachta ar fáil ar oileáin bheaga amach ó chosta Dhún na nGall a dúirt Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag Bridget Nic Gairbheith.

Ós rud é go bhfuil níos mó daoine ag tarraingt ar na hoileáin anois agus nach bhfuil foireann leighis ansin, dúirt sí go bhfuil sí thar a bheith sásta go bhfuil maoiniú ceadaithe ag Clár LEADER le Dífhibrileoirí a chur ar fáil ar na hoileáin bheaga agus go bhfuil maoiniú ceadaithe ag DLDC faoi Chlár SICAP le cúrsaí CPR a reáchtáil.

Beidh cúrsa CPR agus dífhibrileora á reáchtáil ag an Chomharchumann do phobail Ghabhla, Inis Oirthear agus Oileán Ruaidh amárach in Ionad Pobail Chnoc Fola ón 6 a chlog go dtí'n 9 a chlog agus beidh cúrsa do phobal Inis Bó Finne ar an 26ú den mhí.

Seoladh

Seolfar an feachtas Dún na nGall Abú, Love Donegal i nDrioglann Chroithlí inniu agus dhéanfar ceiliúradh ar chultúr na contae ag an ócáid.

Beidh ionadaithe ó Fháilte Éireann, Turasóireacht Dhún na nGall agus na Comhairle Contae i láthair ag an ócáid a bheidh ag toiseacht ar 7 a chlog.

Is amárach Lá Dún na nGall Abú, feachtas leis an chontae a chur chun cinn agus a fhorbairt mar áit le hoibriú agus le staidéar ann chomh maith le háit le hinfheistíocht a dhéanamh agus le saoire a chaitheamh ann.

Cearrbhachas

Beidh ócáid eolais á reáchtáil ag CLG na gCealla Beaga anocht do bhaill an chlub agus don phobal i gcoitinne dírithe ar chearrbhachas agus andúil.

Beidh an iar-pheileadóir Ard Mhacha, Óisín McConville ina aoi speisialta ag ócáid na hoíche anocht i gcuideachta an tsaineolaí ar chúrsaí andúile Carol McCann.

Dhéanfaidh Oisín McConville cur síos ar a thaithí phearsanta féin maidir le cúrsaí cearrbhachais agus faoin tionchar a bhí aige ar a shaol.

Tá cuireadh á thabhairt do dhaoine óga, tuismitheoirí, imreoirí agus cóitséalaithe agus don phobal uilig freastal ar an ócáid.

Beidh an ócáid ar siúl in Óstán an Bayview sna Cealla Beaga anocht ag 7:30.

Bealtaí

Tá sé tábhachtach go nglacfadh an Chomhairle Contae bealtaí i gCeantar Bardais na nGleanntach faoina gcúram, a dúirt an Comhairleor Contae John Shéamais Ó Fearraigh.

Dúirt sé go bhfuil drochbhail ar bhealtaí go leor sa cheantar, ach go bhfuil bealach amháin ina cheantar féin ar a bhfuil 16 teach atá iontach olc.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil sé cúpla bliain ó ghlac an Chomhairle Contae seilbh ar bhealtaí agus gur cheart dáta a shocrú le go dtarlódh seo.

D’aontaigh an Comhairleoir Denis Mac Aoidh leis an Chomhairleoir Ó Fearraigh agus dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go nglacadh an Chomhairle na bealtaí fhad leis na céanna faoina gcúram fosta.