Otharlann Leitir Ceanainn

Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill nach raibh an scrúdú a rinneadh ar an scéim phíolótach a cuireadh ar bun in Otharlann Leitir Ceanainn le déileáil le cásanna áirithe san Rannóg Timpistí agus Éigeandála ina thástáil cheart ar an chóras, mar gheall ar an bhrú mór a bhí ar an Otharlann.

De réir tuarascála ón otharlann, fuarthas nár fhreastail ach cúigear othar ar an Aonad Measúnaithe Leighis ag an deireadh seachtaine thar thréimhse dhá sheachtain déag agus nach raibh an córas ag feidhmiú mar ba chóir.

Dúirt an tAire MacNeill go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an scéim phíolótach seo ina bhfuil comhairleoirí breise ar fáil ag an deireadh seachtaine chun an brú ar an Rannóg Timpistí agus Éigeandála in Otharlann Leitir Ceanainn a mhaolú.

Dúirt sí go bhfuil sé beartaithe an corás úr seo a chur i bhfeidhm sé lá sa tseachtain amach anseo.

Aontú

Measann páirtí Aontú i nDún na nGall go n-éireoidh leo dul i bhfeidhm go mór ar phobal Dhún na nGall sa chéad toghchán áitiúil eile, agus go mbeidh ar a laghad suíochán amháin Comhairle Contae ag Aontú sa chontae sa chéad toghchán áitiúil eile.

Dúirt Cisteoir Aontú i nDún na nGall, Liam Mulligan go bhfuil 100 ball cláraithe leis an pháirtí sa chontae anois, an líon is mó riamh.

Dúirt sé go bhfuil siad dóchasach go n-éireoidh le Mary T Sweeney suíochán Comhairle Contae a fháil do Aontú i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn sa chéad toghchán áitiúil eile, agus tá seans ar shuíochán nó dhó eile sa chontae fosta, a dúirt sé.

Deir sé fosta go mbeidh ar pháirtithe polaitíochta eile polasaithe áirithe de chuid Aontú a chur i bhfeidhm má theastaíonn uathu comhrialtas a chur ar bun leo.

Aerfort Dhún na nGall

Beidh cleachtadh ag na seirbhísí éigeandála ag Aerfort Dhún na nGall inniu.

Beidh an cleachtadh ar siúl ag an aerfort idir 9 ar maidin agus 12 meán lae.

Dúirt urlabhraí ón aerfort gur cleachtadh éigeandála é seo atá eagraithe ag Aerfort Dhún na nGall i gcomhar le gníomhaireachtaí éigeandála eile le cloí le rialacha Údarás Eitlíochta na hÉireann lena chinntiú go bhfuil siad ullmhaithe i gcás éigeandála.

Beidh an pháirc spóirt agus an raon reatha ag an aerfort druidte inniu ón 9 go dtí 12 agus an cleachtadh seo ar siúl chun freastal ar héileacaptar Gharda Cósta na hÉireann.

Beidh foireann Gharda Cósta an Bhuna Bhig i láthair inniu fosta chun an trácht sa cheantar a bhainistiú agus a chinntiú gur féidir an cleachtadh a dhéanamh go sábháilte.

Bord Oideachais agus Oiliúna

Dúirt Andy McGovern, Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha Eagraíochta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall go bhfuil an Bord ag obair go dlúth leis an Chomhairle Contae maidir leis na deacrachtaí Tráchta atá i Leitir Ceanainn.

Dúirt sé go dtuigeann an Bord go mbíonn moill ar Bhusanna Scoile daltaí a thabhairt na scoile agus go bhfuil an Bord sásta glacadh le moltaí maidir le dóigheanna leis na deacrachtaí a réiteach.

Dúirt Patsy Mac an Bhiocaire go dtuigeann sé go bhfuil imní ar thuismitheoirí, ar dhaltaí agus ar fhoireann na scoltacha faoi na fadhbanna agus bhí sé ag ceistiú an Bhoird faoi na dóigheanna a bhfuil siad ag déileáil leis na deacrachtaí.

Grúpa tacaíochta do mhná

Dhéanfar Grúpa úr tacaíochta do mhná a d'fhulaing foréigean óna bpáirtithe a sheoladh go hoifigiúil in Ard an Rátha inniu.

SiSi teideal an ghrúpa áit a mbeidh iarrachtaí ar bun na córais a athrú agus a mhúnlú le tacaíocht a thabhairt do mhná a d’fhulaing foréigean óna bpáirtithe.

Tá sé mar aidhm ag an Ghrúpa bearta a chur i bhfeidhm, áit nach nglacfar le foréigean ó pháirtí pearsanta agus áit a n-éistfear le guthanna na mban agus é mar aidhm acu dlíthe agus polasaithe a chur i bhfeidhm le cosaint a thabhairt do mhná.

Beidh an seoladh in Óstán Nesbitt Arms, Ard an Rátha inniu ar 10.30.

Cead pleanála

Cuireadh 286 iarratas ar chead pleanála ó Cheantar Bardais na nGleanntach faoi bhráid Chomhairle Contae Dhún na nGall ó thús na bliana go deireadh mhí Iúil, de réir an eolais a tugadh ag cruinniú Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach le gairid.

Ceadaíodh 200 iarratas agus diúltaíodh do dhá cheann déag.

Lorgaíodh tuilleadh eolais i gcás 117 iarratas agus dúradh go raibh 43 iarratas neamhbhailí.

Togra Lucht Siúil

Seolfaidh Togra Lucht Siúil Dhún na nGall i gcomhar le Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Dhún na nGall togra úr i Leifear inniu.

Tá an togra úr seo dírithe ar threoir a chur ar fáil do phobail imeallaithe chun iad a spreagadh a bheith níos gníomhaí i struchtúir dhaonlathacha agus i bpróisis chinnteoireachta a théann i bhfeidhm orthu ó lá go lá.

Beidh an seoladh ar siúl i Seanteach na Cúirte i Leifear maidin inniu ag an 11 a chlog.