Uisce beatha
Tá fáilte curtha ag Bainisteoir Dhrioglann Chroithlí, Catherine Nic Grianna, roimh fhógra an Uachtaráin Donald Trump go bhfuil sé beartaithe ag na Stáit Aontaithe deireadh a chur leis na taraifí ar uisce beatha na hÉireann.
Faoi láthair tá taraif 10% ar tháirgí uisce beatha na hÉireann a dhíoltar i Meiriceá.
Dúirt Catherine Nic Grianna gur dea-scéal é seo, ní hamháin do Dhrioglann Chroithlí, ach do tháirgeoirí uisce beatha na hÉireann uilig.
Is margadh tábhachtach é na Stáit Aontaithe do Dhrioglann Chroithlí agus is é an tomhaltóir atá thíos leis na costais bhreise seo, a dúirt sí.
Dúirt sí go bhfuil siad ag súil gur féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go hoifigiúil anois chomh luath agus is féidir.
Ceardlann Turasóireachta
Dúirt Joy Browne, Oifigeach Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall, gur éirigh go maith leis an Cheardlann Turasóireachta a d'eagraigh Shared Island le gairid, áit a raibh ionadaithe ó Fháilte Éireann, Turasóireacht Éireann agus Turasóireacht Thuaisceart Éireann i láthair chomh maith le níos mó nó 100 Gnólacht as Dún na nGall agus na Sé Chontae.
Is é seo an chéad uair a eagraíodh Ceardlann dá leithéid sa réigiún agus dúirt Joy Browne gur tugadh deis do Ghnólachtaí castáil leis na heagrais turasóireachta agus le Gnólachtaí eile agus ceangal a neartú eatarthu.
Dúirt sí gur féidir an turasóireacht a fhorbairt má bhíonn comhoibriú idir na gnólachtaí agus socraíodh poiblíocht a dhéanamh ar phacáistí saoire trasteorann.
Tithíocht
Thug Jim Bonar ó Rannóg Tithíochta na Comhairle Contae le fios ag cruinniú den Chomhairle ar na mallaibh go bhfuil an obair thógála ar 43 teach atá á dtógail ar Bhóthar an tSéipéil ar an Chlochán Liath ag leanstan ar aghaidh go maith.
Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go mbeidh na tithe réidh ag deireadh na bliana nó tús na bliana úire agus go mbeidh siad ar fáil do thionóntaithe idir cheithre agus sé seachtainí ina dhiaidh sin.
Maidir le Scéim Tithíochta Radharc an Oileáin i Machaire Chlochair Gaoth Dobhair, dúirt sé go mbeidh na 10 dteach deireanacha réidh ag deireadh na míosa agus ar fáil gan mhoill ina dhiaidh sin do thionóntaithe, rud a chiallaíonn go mbeidh 9 dTeach is 20 uilig críochnaithe ansin.
Fógraíodh ar na mallaibh go dtógfar 6 theach eile ar an suíomh seo.
Thug Jim Bonar le fios go bhfuil súil acu conraitheoir a cheapadh le 12 theach a thógáil ar sheansuíomh Óstán Radharc an Earagail i nGaoth Dobhair, "Tithe Phádraig Mhicheáil Airt" taobh istigh de chúpla seachtain.
Intleacht Shaorga
Lorg an Comhairleoir Contae Martin Harley, ball de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, eolas faoi na himpleachtaí atá, agus a bheidh, ag an Intleacht Shaorga nó AI ar ghnóthaí an Bhoird.
Thug Stiúrthoir Breisoideachais an Bhoird, Ciarán O’Brien le fios dó ag cruinniú den Bhord ar na mallaibh go bhfuil siad eolach ar na himpleachtaí agus ag foghlaim faoi achan lá, ach dúirt sé go bhfuil an t-ádh orthu mar gur cúrsaí praiticiúla atá i gcuid mhaith de na cúrsaí atá á reáchtáil acu.
Dúirt Ciarán O’Brien go bhfuil sé deacair a rá mar a cuirfidh sé isteach orthu amach anseo mar go bhfuil rudaí ag athrú go gasta ach go mbeidh monatóireacht ghéar á déanamh acu ar an scéal.
Traic lúthchleasaíochta
Dhéanfaidh an laoch spóirt Sonia O’Sullivan an traic lúthchleasaíochta a oscailt go hoifigiúil i bPobalscoil na Rosann ar an Chlochán Liath inniu.
Cuirfidh sí tús lena cuairt ar an scoil ag 10.30 ar maidin, áit a mbeidh seisiún lúthchleasaíochta aici le daltaí na scoile.
Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl ag an mheán lae.
Bhéarfaidh Sonia O’Sullivan léacht ina dhiaidh sin d’fhoireann spóirt na scoile agus d’aíonna faoin dóigh le daoine óga a spreagadh ó thaobh an spóirt de.
Mark English
Bhain an lúthchleasaí as Leitir Ceanainn Mark English curiarracht phearsanta úr amach i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta Ultimate an Domhain i mBúdaipeist tráthnóna inné.
Rith sé an rás 800 méadar i mbomaite amháin agus 42 soicind agus tháinig sé sa séisiú háit sa rása.
Ba sin an chéad uair do Mhark English a bheith san iomaíocht i gCraobh an Domhain.