Dochtúirí teaghlaigh
Tá sé tábhachtach an oiread tacaíochta agus is féidir a chur ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh agus íoclanna pobail chun tacú le hothair a bhfuil ailse orthu, a dúirt an Dochtúir Teaghlaigh Ciarán Ó Fearraigh.
Chuir sé fáilte roimh chaint an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go gcaithfear achan iarracht a dhéanamh níos mó seirbhísí cúraim ailse a chur ar fáil sa phobal, agus go mbeidh tús á chur leis an phlean chun tabhairt faoi sin i 2027.
Níl maoiniú ná tacaíocht ar bith ar fáil faoi láthair d'íoclanna dochtúirí le tuilleadh seirbhísí cúraim ailse a chur ar fáil, a dúirt an Dochtúir Ó Fearraigh.
Tá taisteal fada ar othair i nDún na nGall a bhfuil ailse orthu chuig go leor seirbhísí ailse, agus chuideodh sé go mór dá mbeadh níos mó seirbhísí sa phobal, a dúirt sé.
Ísle brí
Deir Gardaí Dhún na nGall go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine atá in ísle brí agus a bhfuil smaointe acu lámh a chur ina mbás fhéin ar an eolas faoi na seirbhísí agus na tacaíochtaí atá ar fáil go háitiúil agus go náisiúnta agus go bhfuil a fhios acu cá háit le dhul le cuidiú a fháil má atá sé de dhíth.
Sé inniu Lá Domhanda Feasachta um Chosc ar Fhéinmharú agus tá Gardaí Dhún na nGall ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le comhrá oscailte, agus iad ag iarraidh ar dhaoine am a ghlacadh chun teagmháil a dhéanamh le daoine eile agus ceist a chur orthu caidé mar atá siad.
Deir na Gardaí go bhféadfadh teagmháil shimplí mar seo dóchas a thabhairt agus difear mór a dhéanamh do dhuine atá ag streachailt lena meabhairshláinte.
Tá na Gardaí ag cur i gcuimhne do dhaoine fosta a bheith tuisceanach agus iad ag roinnt eolais ar líne faoi fhéinmharú nó faoi fhéinghortú, agus aird a thabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an eolas sin ar dhaoine eile.
Uaigneas
Tá tionscnamh úr chun aghaidh a thabhairt ar an uaigneas á sheoladh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhar leis an Gharda Síochána, An Post agus ALONE i Leitir Ceanainn inniu.
Tá an tionscnamh dírithe ar dhaoine níos sine agus tarraingíonn sé aird ar an ról tábhachtach atá ag comharsana, eagrais pobail, oibrithe poist agus daoine eile comharthaí an uaignis a aithint i ndaoine agus tacaíocht a chur ar fáil.
Beidh an seoladh ar siúl in Amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceanainn maidin inniu ón 10-12.
Carthanas
Bhronn an Charthanacht 'Sealaíocht ar Son na Beatha’ seic €263,458 ar Chumann Ailse na hÉireann ag ócáid bhronnta i Leitir Ceanainn aréir.
Bailíodh an t-airgead ón tsiúlóid bhliantúil a bhí ar siúl ag an charthanacht i mí na Bealtaine i mbliana.
Dúradh ag ócáid na hoíche aréir go raibh an feachtas Boil the Kettle, a bhí mar chuid d’fheachtas na bliana seo ina bhuntáiste mór don fheachtas i mbliana agus gur spreag sé daoine ar fud na Contae imeachtaí tae agus caife a eagrú ina dtithe, ina n-ionaid oibre, i scoltacha agus i bpobail áitiúla.
Tá thara €2.31m bailithe ag an Charthanacht do Chumann Ailse na hÉireann ó 2012
Bord Oideachais agus Oiliúna
Thug Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún an nGall Anne McHugh le fios ag Cruinniú den Bhord an tseachtain seo nár éirigh leis an Bhord Pátrúnacht Scoil Little Angels a ghlacadh faoina gcúram roimh thús na Scoilbhliana mar a bhí siad ag súil.
Dúirt sí go bhfuil na comhráití ag leanstan ar aghaidh ach gur próiséas casta atá i gceist agus go bhfuil cuid mhór oibre le cinntiú go bhfuil achan rud in ord.
Léirigh an Comhairleor Thomas Sean Devine ball den Bhord imní agus dúirt sé go bhfuil tuismitheoirí ag fanacht go crua leis an chinneadh seo.
Dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh súil aici go mbeidh na socruithe ar fad críochnaithe go luath ach ní raibh sí in ann a rá cén uair go díreach a mbeadh na socruithe ar fad críochnaithe.
Lucht dóiteáin
Cuirfidh fir dhóiteáin Dhún na nGall atá ag tabhairt faoi dhúshlán mór rothaíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá deireadh lena dturas inniu.
Tá turas 343 míle a dhéanamh acu ó Bhostún go Nua-Eabhrac thar thréimse chúig lá in ómós do na 343 Fear Dóiteáin as Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac, a maraíodh cúig bliana is fiche ó shin ar an 11 Meán Fómhair 2001.
Tá dlúthcheangal idir fir dhóiteáin Dhún na nGall agus a gcairde i Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac agus tá an turas seo á dhéanamh acu le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla i Meiriceá.
Cuirfidh fir dhóiteáin Dhún na nGall agus a gcairde i Nua-Eabhrac deireadh lena ndúshlán rothaíochta ag Battery Park i gCathair Nua-Eabhrac inniu.
Leabharlanna
Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall agus Seirbhís Leabharlainne na Contae pacáiste cóisire dírithe ar an timpeallacht dar teideal "Iasacht, Úsáid agus Tabhair ar ais".
Sé’n aidhm atá leis an tionscnamh ná ábhar plaisteach aon uaire a laghdú ag ócáidí pobail agus saol ciorclach laethúil a spreagadh.
Cuirfear soithigh a bhíonn in úsáid ag cóisirí ar fáil do chúig dhuine is fiche, agus thig na soithigh a úsáid arís agus arís eile.
Dúirt Denis Mac Géidigh ó Leabharlann Pobail Ghaoth Dobhar go gcuideoidh an tionscnamh seo go leor le cúrsaí timpeallachta.