Bás

Bádh bean in eachtra a tharla amach ó chósta Fhánada tráthnóna inné.

Tharla an eachtra i dtrátha an 5 a chlog tráthnóna, nuair a bhí an bhean ag siúl le duine muinteartha léi cóngarach d'Áirse Phollaide ar Leathinis Fhánada agus thit sí isteach san uisce.

Cuireadh cuardach ar bun a bhí á chomhordú ag an fho-ionad Tarrthála Muirí ag Cionn Mhálanna.

Bhí Garda Cósta na Maoile Rua, bád tarrthála Loch Súilí agus héileacaptar 118 an Gharda Cósta páirteach sa chuardach.

Tuigtear go raibh coinníollacha farraige fíor-dhúshlánach le linn an chuardaigh.

D’aimsigh foireann Gharda Cósta na hÉireann corp na mná go gairid i ndiaidh an 8 a chlog aréir.

Tuigtear go raibh an bhean ar saoire sa cheantar.

Tugadh a corp go hOtharlann Leitir Ceanainn áit a ndéanfar scrúdú iarbháis uirthi.

Tá a gcomhbhrón curtha in iúl ag Garda Cósta na hÉireann do theaghlach na mná.

Cód Suíomh Cósta

Thug an Comhairleor Contae Brian Carr le fios ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné gurbh éigean do dhuine scairt éigeandála a dhéanamh agus úsáid a bhaint as an Chód Suíomh Cósta a seoladh ar na mallaibh, rud a léiríonn an tábhacht atá lena leithéidí.

Dúirt sé go bhfuil na Cóid dírithe ar shé thrá faoi láthair ach go mbeidh iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú leis na cóid a chur ar fáil ar thránna agus céibheanna ar fud na Contae agus de réir a chéile ar fud na tíre.

Dúirt sé go cinnte go sábháileann na codanna seo beatha daoine.

Tithe Sóisialta

Tugadh eolas ag Cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné go bhfuil 109 Teach Sóisialta sa Cheantar Bardais buailte le Coincréit Lochtach.

Dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh go raibh daoine den tuairim nach raibh an fhadhb seo leitheadach i gceantar bardais na nGleanntach ach is léir go bhfuil agus dúirt sé go bhfuil thar 2,000 teach sóisialta buailte sa Chontae agus nár ceadaíodh scéim cúitimh do na tithe sin go fóill.

Dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh go gcaithfear plean a leagan síos nuair a cheadófar an scéim agus measann sé gur Tithe Modúlacha réiteach na faidhbe a fhad is a bheidh tithe á gcóiriú.

Innealtóir Bóithre

Thug Innealtóir Bóithre na Comhairle Contae Brendan McFadden le fios ag cruinniú inné go bhfuil sé dóchasach go gceadófar airgead leis an bhealach ag an Chrannóg i nDoirí Beaga a dhéanamh níos sábháilte.

Ag fáiltiú roimh an scéala dúirt an Comhairleor Contae John Shéamais Ó Fearraigh go bhfuil súil aige go dtarlóidh seo agus go ndéanfar oibreacha feabhsúcháin ar an bhealach i mbliana.

Dúirt sé gur tharla cuid mhór timpistí ar an bhealach seo agus go bhfuil sé tábhachtach bearta a chur i bhfeidhm leis an luas a bhíonn le feithiclí a mhoilliú.

Comhordaitheoir Pleanála Teanga

Tá post do Chomhordaitheoir Pleanála Teanga á thairiscint ag Foras na Gaeilge i nGaoth Dobhair.

Post buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar freagrach as tacaíocht a chur ar fáil don réimse pleanála teanga taobh amuigh den Ghaeltacht atá faoi chúram an Fhorais.

Glacfar le hiarratais go dtí an Aoine, an 18 Meán Fómhair.