Bainisteoirí CLG Dhún na nGall

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall go mbeidh Jim McGuinness ag fanacht séasúr eile ina bhainisteoir ar Fhoireann Sinsir Peile na Contae.

Phill Jim McGuinness mar bhainisteoir ar fhoireann na contae i 2023.

Shínigh sé conradh trí bliana agus rogha aige an ceathrú bliain a bheith aige ag deireadh na dtrí bliana.

Athcheapadh Michael McCann mar bhainisteoir ar Fhoireann Sinsir Iománaíochta na contae ar feadh dhá bhliain eile agus é ag druidim ar a dheichiú séasúr sa phost.

Dearbhaíodh na ceapacháin i ndiaidh cruinnithe de Bhord na Contae.

Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Anne McHugh go bhfuil méadú mór i mbliana ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn agus Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir.

Dúirt sí go bhfuil deacrachtaí faoi leith i gColáiste an Earagail agus go bhfuil brú mór spáis ansin.

Ceapadh an dara Leas-Phríomhoide sa scoil i mbliana mar gheall ar an ardú atá tagtha ar thinreamh na scoile.

Dúirt Anne McHugh go bhfuil comhráití ar siúl go fóill leis an Roinn maidir le réiteach fadtéarmach fháil ar an easpa spáis sa scoil.

Cruinniú

Dúirt an Comhairleoir Contae Joy Beard go dtabharfaidh na cruinnithe a bheidh ar siúl uair sa ráithe feasta ag Coiste Brící Lochtacha na Comhairle Contae le Feidhmeannaigh na Roinne Tithíochta deis don choiste an scéal is deireanaí a fháil maidir leis an scéim cúitimh agus na fadhbanna atá ag daoine atá ina gcónaí i dtithe a bhfuil coincréit lochtach iontu a phlé.

Bhí an Comhairleoir Beard i measc na toscaireachta a d'fhreastail ar chruinniú leis an Roinn Tithíochta i mBaile Átha Cliath inné agus dúirt sí nach raibh sé maith go leor gurbh é an chéad chruinniú a bhí acu le níos mó ná bliain.

Pléadh an t-athbhreithniú reachtúil atá á dhéanamh ar an scéim cúitimh, an mhoill atá ar thástálacha agus an méid airgid atá le caitheamh ag úinéirí tí sula dtosaíonn an obair thógála le linn an chruinnithe.

Breis is €20,000 atá le híoc ag úinéirí tí le go mbeadh fáil acu ar an scéim, de réir taighde atá déanta ag an Chomhairleoir Beard.

Scéim Taistil Gníomhaigh

Beidh iarratas ar chéad pleanála don Scéim Taistil Gníomhaigh ar bhealach an N56 idir Dún Fionnachaidh agus Port na Bláiche á dhéanamh an tseachtain seo, a deir Comhairle Contae Dhún na nGall.

Faoin scéim tógfar cosáin siúil agus rothaíochta ar an phríomhbhealach idir an dá bhaile.

Tá Céim 3 den togra - sé sin an dearadh agus an measúnú comhshaoil curtha i gcrích.

Beidh na cáipéisí a bhaineann leis an togra le feiceáil in Ionad Seirbhíse Poiblí an Chlocháin Léith agus in Áras na Contae i Leifear ó Dhéardaoin ar feadh tréimhse ceithre seachtainí agus glacfar le haighneachtaí go dtí an 26 Deireadh Fómhair.