Cuairt an Aire Jerry Buttimer

Bhéarfaidh an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Jerry Buttimer cuairt ar an Chontae seo inniu. Bhéarfaidh sé cuairt ar roinnt tograí pobail i lár agus i ndeisceart an Chontae. Beidh sé i Leitir Ceanainn ar maidin ar dtús ag Oifigí Chomhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall ar 9.30; oifigí Chairde le Chéile ar 10.30 agus Oifigí Ghrúpa Idirchultúrtha Dhún na nGall ar 11.30. I ndiaidh am lóin rachaidh an tAire Stáit Buttimer go Baile Dhún nanGall agus casfaidh sé le Comhlacht Athchóirithe Iarnróid Dhún nanGall agus Fondúireacht Riachtanas Speisialta na gCruacha Gorma. Bhéarfaidh an tAire Stáit cuairt ar Halla Lathaigh ar 3 a chlog agus arIonad Pobail Bhun Dobhráin ar 4 a chlog.

Craobhchomórtas Eorpach Tarrthála Uisce

Beidh Craobhchomórtas Eorpach Tarrthála Uisce do Dhaoine Óga 2026 ar siúl sa Chontae an deireadh seachtaine seo. Beidh an searmanas oscailte ar siúl idir 6.45pm agus 8pm tráthnóna inniu i gCampas Traenalá Sabháilteachta Uisce Dhún an nGall agus cuirfear tús leis na comórtais ar Thrá Ros Neamhlach amárach agus Dé Domhnaigh. Beidh Lúthchleasaithe ó fud fad na hEorpa i láthair do na comórtais.Is é an tAire Stáit Jerry Buttimer a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil tráthnóna inniu.

Coiste Cróinéara

Rialaigh Coiste Cróinéara a bhí ar siúl i dTeach na Cúirte i Leitir Ceanainn an tseachtain seo gur bás trí thimpiste de bharr a bháite a ba chúis le bás an iascaire Valerri Strunhar, 61 bliain d'aois amach ó chósta Dhún na nGall i Meán Fómhair 2024. Ba as an Úcráin ó dhúchas do Valerri Strunhar, agus bhí cónaí air i nGaoth Dobhair. Bhíodh sé le feiceáil go minic ag rothaíocht sa cheantar agus a shlatiascaireachta leis. Bhí sé ag iascaireacht lena bheirt chairde ag Machaire Maoláin, ar an Chlochán Liath nuair a sciobadh amach na farraige é, ar an 2 MeánFómhair 2024. Rinneadh cur síos don choiste cróinéara ar na hiarrachtaí a rinne a chairde tarrtháil a thabhairt air ach sciob tonn mhór amach chun na farraige é sa deireadh. D’aimsigh foireann héileacaptar 118 an Gharda Cósta é tamall gairid ina dhiaidh sin agus aistríodh go hOtharlann Leitir Ceanainn é. Chinn an Dochtúir Denis McCauley gur bás trí thimpiste de bharr abháite a ba chúis le bás Valerri Strunhar agus dúirt sé gur eachtrauafásach, thragóideach a bhí ann.

Brící Lochtacha

Dheimhnigh Cathaoirleach Choiste na mBrící Lochtacha, an Comhairleoir Contae Gerry Mac Monagail, i ráiteas ar na meáin shóisialta aréir nach raibh baint ar bith aige leis an chinneadh nach mbeadh an Comhairleoir Denis Mac Aoidh i measc na toscaireachta a bheidh ag castáil le hoifigigh na Roinne Tithíochta i mBaile Átha Cliath, Dé Luain. Léirigh an Comhairleoir Mac Aoidh a mhíshástacht ag Cruinniú de Choiste na mBrící Lochtacha inné, nuair a tugadh le fios dó nach mbeadh ach Comhairleoir Contae amháin ón bpáirtí Cúiteamh 100% ar an toscaireacht. Mar fhreagra ar fhíseán a chuir an Comhairleoir Mac Aoidh ar na meáinshóisialta i ndiaidh an chruinnithe, inar chuir sé a mhíshástacht in iúl, dúirt an Comhairleoir Mac Monagail gur aontaíodh go mbeadh Comhairleoir amháin ó achan ghrúpa polaitiúil ar an toscaireacht, agus go raibh sé de dhualgas ar achan ghrúpa a n-ionadaí féin a roghnú. Dúirt an Comhairleoir Mac Monagail nach ndearna seisean ionadaí an Pháirtí Cúiteamh 100% a roghnú agus nach raibh baint ar bith aige leisan chinneadh nach mbeadh an Comhairleoir Mac Aoidh i measc na toscaireachta. D’aontaigh na grúpaí polaitiúla uilig leis an phróiseas seo agus níl séceart ná cóir ag an Chomhairleoir Mac Aoidh a mhaíomh ar na meáinshóisialta gur cinneadh de chuid an Chathaoirligh a bhí ann nach mbeadh sé ar an toscaireacht, a dúirt an Comhairleoir Mac Monagail.

Rannóg na Gaeilge ag dul go Londain

Bhéarfaidh toscaireacht ó Rannóg na Gaeilge a n-aghaidh ar Londain an deireadh seachtaine seo agus casfaidh siad le Conallaigh ansin. Beidh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Choiste Gaeilge na Comhairle Contae, na Comhairleoirí Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig agus Martin Scanlon, ar an toscaireacht chomh maith le baill ó Rannóg na Gaeilge. Beidh siad i láthair ag Lá na nGael ar Pháirc Gaeil Thír Chonaill in Greenford Dé Domhnaigh agus gheobhaidh siad deis eolas a thabhairt ar obair Rannóg na Gaeilge sa Chomhairle chomh maith le Coiste naGaeilge agus na féidearthachtaí atá ar fáil post a aimsiú sa Chomhairle Contae. Deir Príomhoide Scoil Naomh Carlo Acutis i nGort an Choirce, Patricia Uí Arlaigh, gur lá stairiúil a bheidh ann don scoil nuair a dhéanfaidh Easpag Ráth Bhotha, Niall Ó Colla, Aifreann na scoile a cheiliúradh Dé Domhnaigh.

Ainm scoile athruithe

Beartaíodh ainm Scoil Náisiúnta Ghort an Choirce a athrú go Scoil Naomh Carlo Acutis le hómós á léiriú do Naomh phátrún an Idirlín, Carlo Acutis a fuair bás i mí Dheireadh Fómhair 2006 agus gan é ach cúig bliana déag d’aois. Rinneadh Naomh do Carlo Acutis ar an 7 Meán Fómhair anuraidh. Dhéanfar Aifreann Scoil Naomh Carlo Acutis a cheiliúradh i dTeach Pobail Chríost Rí, i nGort an Choirce Dé Domhnaigh ar a 11 a chlog.