Cosaint Sonraí

Ghearr an Coimisiún um Chosaint Sonraí fíneáil €645,000 ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as cosaint sonraí a shárú ó thaobh stóráil cáipéisí agus taifid othar de.

Chuir an Coimisiún tús le fiosrúchán i mí Bealtaine 2024, fiosrúchán a d'eascair as físeáin a cuireadh ar na meáin shóisialta de dhaoine ag dul isteach i seomra stórála in Otharlann Naomh Conaill i Leitir Ceanainn agus i seanotharlann shíciatrach eile i gContae na hIarmhí agus ag taifeadadh comhaid rúnda othar.

Rinneadh cigireacht ar dhá láthair déag ar fud na tíre mar chuid den fhiosrúchán agus thángthas ar chomhaid a bhí á stóráil in áiteacha nach raibh fóirsteanach, macasamhail seanleithris nach raibh in úsáid agus foirgnimh a bhí tréigthe.

Iascaireacht

Tá Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann ag iarraidh ar an Rialtas athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sheasamh na hÉireann i leith an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur theip ar an Reifreann san Íoslainn ag an deireadh seachtaine faoi thús a chur arís leis an idirbheartaíocht faoi bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Dúirt Aodh Ó Dónaill, Príomhfheidhmeannach an Chumainn, gur choinnigh an Íoslainn smacht ar chúrsaí iascaireachta agus in ainneoin go bhfuil na cásanna céanna á gcur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh ag pobail iascaireachta na hÉireann, nach bhfuil an éisteacht chéanna á fáil acu.

Má ghlac an Coimisiún Eorpach leis nach n-oibríonn an Comhbheartas Iascaigh don Íoslainn caithfidh siad a admháil nach n-oibríonn an Comhbheartas don tír seo, a dúirt sé.

Créamatóiriam

Dúirt an tAdhlacóir Ciarán Ó Rabhartaigh as Dún Lúiche go gcuideoidh an créamatóiriam úr atá oscailte i Leitir Ceanainn go mór leis féin agus le hadhlacóirí eile sa chontae.

Is é seo an chéad Chréamatóiriam san Iarthuaisceart agus roimhe seo bhí turas 3 huaire a chloig fhad leis an Chréamatóiriam is deise daofa i gContae an Chabháin, a dúirt Ciarán Ó Rabhartaigh.

Dúirt sé go bhfuil éileamh mór ar chreimeadh le blianta beaga anuas agus go mbíonn tuairim is dhá chreimeadh déag á ndéanamh aige féin achan bhliain.

Dúirt sé fosta go mbainfidh sé brú de na reiligí go háirithe i Leitir Ceanainn mar go bhfuil reiligí na Leice agus Chonbhála chóir a bheith lán.

Leitir

Beidh agóid i Leitir Mhic a Bhaird inniu le haird a dhíriú ar an imní atá ar phobal an cheantair faoin neamhaird atá á déanamh den teorainn luais fríd an bhaile.

60 ciliméadar san uair an teorainn luais atá i bhfeidhm fríd an bhaile ach tá sé ráite go mbíonn trácht ag taisteal i bhfad níos gaiste ná sin agus go bhfuil an baol ann go dtarlóidh taisme mura mbíonn tiománaithe cúramach agus a luas a laghdú.

Beidh an agóid ar siúl i sé áit éagsúla ar fud an bhaile ag 3 a chlog inniu.