Teach Solais Fhánada
Tá Teach Solais Fhánada ag ceiliúradh deich mbliana ar an fhód i mbliana agus tá tionscnamh speisialta curtha ar bun chun ceiliúradh a dhéanamh ar an chloch mhíle seo.
Scaoileadh deich mbuidéal amach san Aigéan Atlantach an tseachtain is chuaigh thart, ceann d'achan bhliain ó fosclaíodh an Teach Solais.
Tá litir in achan bhuidéal, agus beidh deis ag an té a aimsíonn ceann acu fanacht thar oíche i dTeach Solais Fhánada.
Tá tarraingt mhór ar an Teach Solais le 10 mbliana anuas, agus tá sé ag fás bliain i ndiaidh bliana agus béim ar leith á chur ar oidhreacht agus ar chultúr an cheantair.
Tá 36 duine as an cheantar fostaithe ag an Teach Solais anois.
Robáil
Tá Gardaí Bhun Cranncha ag lorg eolais faoi eachtra robála a tharla i siopa i gCeann an Droichid aréir.
Deir na Gardaí go ndeachaigh beirt fhear isteach sa tsiopa i dtrátha 9:10pm aréir agus gur ghoid siad ábhar ón tsiopa.
Rinneadh ionsaí ar bheirt bhall foirne sa tsiopa agus b'éigean do dhuine acu dul chuig Otharlann Alt na nGealbhán i nDoire le haghaidh cóir leighis.
Tuigtear nach bhfuil an duine sin gortaithe go holc.
Tá achainí á dhéanamh ag Gardaí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo.
Iarrtar ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal i gceantar Cheann an Droichid nó ar bhealach Dhoire/Cheann an Droichid idir 8:45 agus 9:30pm aréir agus a bhfuil daischeamara ina gcarr acu an taifeadadh seo a chur ar fáil do na Gardaí.
Is féidir le duine ar bith a bhfuil eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Bhun Cranncha ag an uimhir 074 9320540, líne rúnda na nGardaí ag an uimhir 1800 666 111 nó aon staisiún Gardaí ar bith eile.
Camscéimeanna
Tá rabhadh á thabhairt ag Gardaí don phobal faoi chamscéimeanna atá ar bun faoi láthair.
Tá glaonna á bhfáil ag daoine ó uimhreacha gutháin a thosaíonn leis na huimhreacha 0044 nó 00353, nó ó uimhreacha príobháideacha eile.
Bíonn teachtaireachtaí uathoibrithe ag rá go raibh feithicil an té a fuair an glaoch páirteach i dtimpiste bóthair agus gur fhág an duine a bhuail an fheithicil an láthair.
Iarrtar orthu ansin uimhir a bhrú ar a nguthán le teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí faoin chás.
Agus i gcamscéim eile tá teachtaireachtaí téacs á bhfáil ag daoine ag maíomh gur ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iad agus ag iarraidh ar dhaoine íoc as a gcártaí leighis a athnuachan taobh istigh do dháta áirithe.
Deir na Gardaí gur camscéimeanna iad seo agus tá siad ag moladh do dhaoine gan sonraí pearsanta ná sonraí bainc ar bith a thabhairt amach ar a nguthán.
Ionsaí
Tá Gardaí i nDún na nGall ag fiosrú eachtra inar dearnadh ionsaí ar fhear óg i mBun Cranncha luath maidin Dé Domhnaigh.
Tharla an eachtra ar an Phríomh-Shráid Uachtarach thart ar 4.15 ar maidin.
Tugadh an fear, atá go mall sna déaga, go hOtharlann Leitir Ceanainn le haghaidh cóir leighis mar gheall ar ghortú a fuair sé san aghaidh san eachtra.
Deir Gardaí go bhfuil siad ag leanstan dá bhfiosrúchán.
'Comhrá Aeráide'
Beidh na hócáidí eolais 'Comhrá Aeráide’, á reáchtáil sa Chontae ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall DLDC inniu agus amárach.
Tá deis á thabhairt do ghrúpaí áitiúla na dúshláin a bhaineann le cúrsaí aeráide a phlé agus eolas a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil le todhchaí aeráide níos dearfaí a chruthú do Dhún na nGall.
Dúirt Anne Marie Nic Ruairí, Oifigeach Thogra Forbartha Tuaithe DLDC, go mbaileofar eolas faoi na héilimh agus na ceisteanna atá ag na grúpaí agus go gcuirfear plean le chéile ar dhóigheanna le cláracha oiliúna agus tacaíochta a chur ar fáil daofa.
Beidh cruinniú in Oifigí DLDC i Leitir Ceanainn inniu ar 10.30 agus i dTeach na mBocht Dhún Fionnachaidh inniu ag 2.30.
Amárach beidh cruinnithe ar siúl in Ionad Pobail Bhun Dobhráin ar 10.30; in Óstán na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall ar 2.30 agus in Ionad Fiontraíochta BASE i Srath an Urláir ar 7 a chlog.
Seirbhísí cúraim baile
Tá an liosta feithimh is mó do sheirbhísí cúraim baile agus d’uaireanta breise cúraim baile i Réigiún Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt, sin de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Léirítear sna figiúirí a d’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar fhreagra ar cheist pharlaiminteach ó Urlabhraí Sláinte na nDaonlathaithe Sóisialta, an Teachta Dála Pádraig Rice, go raibh 1,265 duine i nDún na nGall ag fanacht ar sheirbhísí cúraim baile i mí an Mheithimh i mbliana, an líon is airde sa tír.
Dúirt an Teachta Rice go bhfuil géarghá le huaireanta breise cúraim baile a chur ar fáil lena chinntiú gur féidir le daoine aosta fanacht ina dtithe agus ina bpobail féin, seachas a dhul isteach i dtithe altranais.
5,539 duine sa tír a bhí ag fanacht le seirbhísí cúraim baile i mí an Mheithimh i mbliana, ardú 12% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
Slad éisc
Deir Iascach Intíre Éireann go bhfuil siad ag leanstan dá gcuid fiosrúchán faoin eachtra inar maraíodh na céadta iasc óg in Abhainn na Cranncha ag an deireadh seachtaine.
Meastar go bhfuair thart ar 150 bradán agus breac donn bás san eachtra.
Deir Iascach Intíre Éireann go bhfuil siad ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, na Seirbhísí Bainistíochta Abhantraí agus páirtithe leasmhara eile agus go bhfuil scrúduithe á ndéanamh ar shamplaí uisce a tógadh ón abhainn le fáil amach caidé go díreach a thug a mbás.
Dheimhnigh urlabhraí de chuid Iascach Intíre Éireann go bhfuil dul chun cinn déanta san fhiosrúchán anois agus go mbeidh siad ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den fhiosrúchán.