Scoltacha

Ní bheidh ceithre Scoil Náisiúnta in Iarthar Dhún na nGall ag oscailt sa Scoilbhliain úr.

Rinneadh iarrachtaí le cúpla mí tuilleadh páistí a mhealladh go dtí na scoltacha ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin.

Is iad na Scoltacha atá i gceist ná Scoltacha an Éadáin agus Chill Chainnigh i bParóiste Inis Caoil; Scoil na nDúchoradh i bParóiste Theampall Chróine agus Scoil Fhionntrá i bParóiste na gCealla Beaga.

Beidh páistí cheantar an Éadáin agus Chill Chainnigh ag freastal ar Scoil Naisiúnta na nGleanntach; páistí ar an Dúchoraidh ag freastal ar Scoil Bhaile na Finne agus Páistí ó cheantar Fhionntrá ag freastal ar Scoil Niall Mór sna Cealla Beaga.

Léiríodh imní agus brón sna ceantracha seo nuair a socraíodh na Scoltacha a dhruid.

Naomh Uinseann de Pól

Dúirt Rosa Glackin, Uachtarán Réigiúnach Chumann Naomh Uinseann de Pól san Iarthuaisceart, go bhfuil daoine i nDún na nGall ag streachailt go mór mar gheall ar chostais mhaireachtála.

Dúirt sí gur cheart don Rialtas cás ar leith a dhéanamh do Dhún na nGall atá ar cheann de na Contaetha is boichte sa tír agus gur cheart faoiseamh a thabhairt go háirithe do dhaoine atá ina gcónaí i dtithe a tógadh le coincréit lochtach.

Dúirt Rosa Glackin fosta gur cheart faoiseamh a thabhairt do phobal Dhún na nGall mar gheall ar luach ard an bhreosla mar go bhfuil an Contae ag brath go mór ar charranna.

Líon daltaí

Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfuil líon ard ranganna bunscoile i nDún na nGall a bhfuil 30 nó níos mó dalta sa rang.

Tá 13.2% de pháistí bunscoile Dhún na nGall á dteagasc i ranganna ina bhfuil 30 dalta nó níos mó, i bhfad thar an meánráta náisiúnta 7.5%.

Tá Dún na nGall i measc na gContaetha sa tír a bhfuil an céatadán is airde páistí i ranganna ina bhfuil 30 dalta nó níos mó.

2,434 dalta sa chontae atá i ranganna ina bhfuil 30 dalta nó níos mó, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Oideachais.

Ionaid seiceála

Beidh ionaid seiceála bhreise ag Aonad Tráchta an Gharda Síochána i nDún na nGall ar fud na Contae inniu i gcomhar leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus páirtithe leasmhara eile, mar pháirt den fheachtas 'Lá Náisiúnta Moillithe Luais"

Mairfidh an feachtas ar feadh 24 huaire go dtí an mhéan oíche anocht.

Tá na Gardaí ag cur béime ar shábháilteacht ar na bóithre agus na scoltacha uilig foscailte an tseachtain seo.

Tá comhairle sábháilteachta bóthair eisithe ag Gardaí Dhún na nGall agus iad ag impí ar thiománaithe a luas a mhoilliú gar do scoltacha, go háirithe ag áiteacha ina mbíonn busanna scoile.

Iarrtar ar dhaoine gan páirceáil in áiteacha mídhleathacha, na cosáin a choinneáil saor agus a bheith airdeallach ar choisithe agus ar rothaithe.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar thuismitheoirí labhairt lena bpáistí faoi chúrsaí sábháilteachta agus iad ag siúl, ag rothaíocht nó ag taisteal na scoile i gcarr nó ar bhus.

Maraíodh beirt pháistí faoi 16 bliana d'aois agus gortaíodh 21 pháiste eile ar bhóithre Dhún na nGall le cúig bliana anuas.

Sin de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Tiománaithe

Tá rabhadh á thabhairt ag Gardaí Dhún na nGall do thiománaithe a bheith cúramach agus tús á chur ag Comhairle Contae Dhún na nGall le gearradh sceitheanna ar thaobhanna na mbóithre an tseachtain seo.

D'iarr na Gardaí ar an phobal a bheith iontach airdeallach, luas a laghdú agus iad ag taisteal ar na bóithre agus an obair seo ar bun sna seachtainí amach romhainn.

Tá cead sceitheanna a ghearradh ar thaobhanna na mbóithre ón 1 Meán Fómhair go 1 Márta.

Cead pleanála

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall gur easpa tithíochta an chúis ar dhiúltaigh an Chomhairle cead pleanála d’iarratais ar thithe lena n-úsáid mar lóistín gearrthéarmach i gceantracha áirithe sa Chontae le gairid.

Dhiúltaigh an Chomhairle cead pleanála d’iarratais chun tithe a athrú lena n-úsáid mar lóistín gearrthéarmach i Rath Maoláin, Leitir Ceanainn agus ar an Chlochán Liath.

Dúradh go mbeadh níos lú tithe ar fáil do dhaoine atá ag lorg tithe ar cíos go fadtéarmach sna ceantair seo ina bhfuil éileamh mór ar thithíocht.

Dúirt an Chomhairle chomh maith, de réir Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030 go bhfuil sé mar aidhm a chinntiú nach mbeidh barraíocht tithe saoire ná lóistín gearrthéarmach sa Chontae, agus cur leis an stoc tithíochta sa Chontae lena chinntiú go mbeidh tithe ar fáil do dhaoine le cónaí iontu go fadtéarmach.

Tá cruinniú poiblí á reáchtáil ag an eagraíocht Family Carers Ireland in Óstán an Villa Rose i mBéalach Féich an tseachtain seo.

Tá cuireadh á thabhairt do chúramóirí teaghlaigh ar fud Dhún na nGall a theacht chuig an chruinniú agus a dtuairimí a chur in iúl roimh Bhuiséad 2027.

Déanfar plé ag an chruinniú ar na héilimh atá ag Family Carers Ireland go gcuirfí deireadh leis an scrúdú ioncaim do chúramóirí, go n-ardófaí an Liúntas Cúramóra go €325 sa tseachtain agus go ndéanfaí méadú ar an deontas tacaíochta.

Beidh an cruinniú ar siúl in Óstán an Villa Rose i mBéalach Féich Déardaoin seo an 3 Meán Fómhair.

Tá an cruinniú mar chuid de shraith imeachtaí atá á reáchtáil ar fud na tíre.

Crannchur

Bhain bean as Dún na nGall, ach a bhfuil cónaí uirthi i Maigh Eo, an phríomhdhuais sa chrannchur mór a bhí á reáchtáil ag Cumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall.

Bhain Anne Duffin as Ard an Rátha ó dhúchas an phríomhdhuais €250,000 i dtarraingt na hoíche aréir a bhí ar siúl in Óstán Jacksons i mBealach Féich.

Tá an t-airgead ar fad ón chrannchur ag dul chun sochair d’fhorbairtí atá beartaithe ag ionad sármhaitheasa CLG Dhún na nGall ar an Chonbhuí.