Suíocháin
Tá rabhadh á thabhairt ag Gardaí Dhún na nGall do thiománaithe a chinntiú go bhfuil suíocháin do pháistí feistithe i gceart sna carranna. Tá ócáidí eolais á reáchtáil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre sa Chontae an tseachtain seo. Tá an Garda Siobhán Ní Chathmhaoil ó Stáisiún Gardaí an Chlocháin Léith ag moladh do dhaoine freastal ar na hócáidí le heolas a fháil faoin dóigh le suíochán do pháiste a roghnú agus a fheistiú i gceart.
Ionaid tráchtála fholmha
Tá Contae Dhún na nGall ar an Chontae leis an ráta is airde d'ionaid tráchtála fholmha sa tír, de réir na tuarascála is deireanaí ó GeoDirectory a foilsíodh inniu. 20.7% d’ionaid tráchtála fholmha atá sa Chontae i láthair na huaire, i gcomparáid leis an ráta náisiúnta de 14.5%. Léiríonn an tuarascáil fosta gur i mBealach Féich atá an dara ráta is airde d’ionaid tráchtála fholmha i gceantar uirbeach sa tír, ráta 34.5%. Tá an ráta is ísle d’ionaid tráchtála fholmha i mBun Dobhráin, faoi láthair ag ráta 14.6%, de réir na tuarascála.
Seo Mise
Tá iarrachtaí ar bun ag an Ghrúpa "Seo Mise" tacaíocht a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu i gceantar Ghleann na Finne agus imeachtaí a chur ar fáil daofa. Thug 149 duine a dtuairimí ar na mallaibh i suirbhé a reáchtáil an Grúpa maidir leis na seirbhísí atá ag teastáil ó na páistí agus a dteaghlaigh, idir imeachtaí súgartha, ealaíne agus spóirt. Tá sé beartaithe fosta seisiúin eolais a chur ar fáil do Thuismitheoirí. Dúirt Angela Mhic a’Bhaird , Oifigeach Caidreamh Poiblí, gur an sprioc atá acu ionad sábháilte a chur ar fáil do na páistí agus iarratais a dhéanamh ar chistí airgid le himeachtaí a chur ar fáil.
Parc
Dúirt Susan Gray as Inis Eoghain a bhunaigh grúpa feachtais sábháilteachta bóthair Parc gur cheart do na húdaráis chuí níos mó iarrachta a dhéanamh dlíthe tráchta a chur i bhfeidhm i bhfianaise an t-ardú atá ar líon na ndaoine a fuair bás i dtaismí bóthair. Dúirt sí gur i mbliana ceann de na blianta is measa ón bhliain 2010 i dtaobh daoine a bheith á marú ar na bóithre tráth a bhfuil 126 duine marbh sa tír go dtí seo ar na bóithre. Dúirt sí gur cheart tuilleadh Gardaí a earcú ar na bóithre agus tuilleadh acmhainní a thabhairt d’aonaid póilíneachta na nGardaí lena gcuid dualgas a chomhlíonadh i gceart.
Salachar madra
D’eisigh Comhairle Chontae Dhún na nGall 250 fíneáil le cúig bliana ar dhaoine as a bheith ag dumpáil go mídhleathach chomh maith le fíneálacha maidir le salachar madra. D’eisigh an Chomhairle 39 gceann de na fíneálacha sin anuraidh. Thug Stiúrthóir Comhshaoil na Comhairle Contae Micheal Mac Gairbheith le fios don Chomhairleoir Michael Mc Clafferty go bhfuil sé tábhachtach fíneáil a ghearradh ar dhaoine as a bheith ag caitheamh bruscair ach go bhfuil sé tábhachtach fosta oideachas a chur ar dhaoine faoin drochbhail a dhéanann an dumpáil mhídhleathach don timpeallacht, do ghnólachtaí agus do thurasóireacht. Dúirt Mícheál Mac Gairbheith go bhfuil an Chomhairle ag obair go dlúth le grúpaí pobail agus le grúpaí bailte slachtmhara ar fud an Chontae agus dúirt sé go bhfuil teagmháil rialta ag na sé mhaor bruscair atá fostaithe sa Chontae le Grúpaí Bailte Slachtmhara. Dúirt sé go bhfuil 5,500 oibrí deonach i ngrúpaí pobail agus coistí bailte slachtmhara agus mhol sé na hiarrachtaí atá idir lámha acu leis an Chontae a choinneáil glan.