Coincréit Lochtach
Tá imní léirithe ag an Chomhairleoir Contae Denis Mac Aoidh faoin bhail atá ar thithe i gCeantar Bardais na nGleanntach a bhfuil coincréit lochtach iontu.
Thagair an Comhairleoir Mac Aoidh do theach de chuid Chomhairle Contae i bParóiste Chloich Cheann Fhaola ina bhfuil lánúin agus seisear páistí ina gcónaí, leanbh 6 mhí d'aois ina measc.
Dúirt sé nach bhfuil an teach seo folláin ná sábháilte, go bhfuil sé ag titim as a chéile agus nár cheart do theaghlach ar bith a bheith ina gcónaí ann.
Tá sé ag iarraidh ar an Chomhairle Contae teach eile a cur ar fáil don teaghlach seo láithreach.
Caithfear aird a dhíriú ar a leithéid de scannal, a dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh.
Seirbhís Farantóireachta
Dúirt Bridget Nic Gairbheith, Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag, go bhfuil sí thar a bheith sásta leis an fhreastal a rinneadh ar na cruinnithe a d’eagraigh an Comhlacht Bane /Mullarkey le seirbhísí farantóireachta go dtí na hoileáin bheaga a phlé.
Dúirt sí gur eagraíodh cruinnithe in Ailt a Chorráin, i nGaoth Dobhair agus ar Inis Bó Finne.
Tá sí ag impí ar dhaoine an suirbhé atá ar fáil faoi láthair a líonadh agus a dtuairimí a thabhairt ar a thábhachtaí agus atá sé go mbeadh seirbhís farantóireachta ar fáil go dtí oileáin bheaga Dhún na nGall.
Dúirt sí go bhfuil go leor obair fhorbartha ar siúl ar na hoileáin agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh seirbhís farantóireachta ar fáil i rith na bliana agus ní go díreach le linn mhíonna an tSamhraidh.
Cíos
Léiríonn na figiúirí cíosa is deireanaí ó Daft.ie an ghéarchéim atá i gContae Dhún na nGall ó thaobh na tithíochta de, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Tá méadú faoi dhó tagtha ar an chostas cíosa sa chontae ó 2020 agus chóir a bheith €8,000 breise sa bhliain á chaitheamh ag teaghlaigh ar chíos anois, a dúirt sé.
Is mór an méid é seo do theaghlaigh atá ar an ghannchuid cheana féin mar gheall ar an ardú atá tagtha ar bhia, fuinnimh, cúram leanaí, costais taistil agus billí eile, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.
Cúram Leanaí
Tá sé ráite ag an eagraíocht Luath-óige Éireann go mbeidh buiséad 2027 fíor thábhachtach do chúrsaí cúraim leanaí i bhfianaise go raibh níos mó ná 1,580 páiste faoi thrí bliana d’aois ar liostaí feithimh naíolainne i gContae Dhún na nGall anuraidh.
Bhí 447 páiste faoi bhliain d’aois, 595 páiste faoi dhá bhliain d’aois agus 546 páiste faoi thrí bliana d’aois ar liostaí feithimh naíolainne sa chontae de réir an tsuirbhé is deireanaí a rinne Pobal faoi oideachas na luath-óige.
Tá Luath-óige Éireann ag iarraidh ar an Rialtas bearta a thabhairt isteach sa bhuiséad le dul i ngleic leis an easpa áiteanna i naíolanna ar fud an stáit – dáta a shocrú do chomhionannas pá do chéimithe agus trí lá inseirbhíse sa bhliain a chur i bhfeidhm i naíolanna ina measc.