Tithe

Bhí an dara meán luach a ba lú ar thithe cónaithe le bliain go mí an Mheithimh i mbliana i gcontae Dhún na nGall, áit a raibh meán luach ar theach ag €212,000. Sin méadú de 10.% le dhá mhí dhéag. Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, ba i réigiún na teorann a ba mhó a tháinig méadú ar luach thithe le dhá mhí dhéag anuas. Ba €396,000 an meán luach ar theach sa tír sa dá mhí dhéag go mí an Mheithimh na bliana seo. Ba i gceantar éirchóid Leifear, F93, a ba shaoire a bhí teach sa tréimhse bliana suas go mí an Mheithimh, áit a raibh meán chostas de €177,500 ar theach sa cheantar sin. Bhí meán chostas €245,000 ar theach i gceantar éirchóid Leitir Ceanainn, F92, agus meán chostas €215,000 ar theach i gceantar éirchóid Dhún na nGall, F94.

Scoil

Tá an baol ann go gcaillfidh Scoil an Aingil Choimhéadaí ar an Chéidiú an dara múinteoir ar an bhliain seo chugainn muna n-éiríonn leo tuilleadh daltaí scoile a aimsiú. Naonúr páiste atá cláraithe ar rollaí na scoile i mbliana, agus dúirt Príomhoide na scoile, Anne Marie Uí Icí go bhfuil aon dhalta dhéag ag teastáil leis an dara múinteoir a choinneáil. Dúirt sí go bhfuil na huimhreacha bunaithe ar rollaí na bliana seo caite agus go mbeidh siad ceart go leor i mbliana. Dúirt sí fosta go bhfuil Coiste Tuismitheoirí na Scoile ag plé na bhféidearthachtaí bus a chur ar fáil go dtí an scoil ar an bhliain seo chugainn, rud a chiallódh go mbedh seans ann go mbeadh suim ag páistí atá ina gcónaí taobh amuigh d'abhantrach na scoile freastal ar an scoil agus go bhfuil plé ar siúl fosta maidir le naíonra a bhunú sa cheantar.

Calafort

Tá moill ar chinneadh an Rialtais faoi cén dá chalafort a roghnófar mar dhá lárionad úr cabhlaigh faoi Straitéis Náisiúnta Slándála Mara na tíre. Faoin straitéis seo, beidh ionad úr cabhlaigh san iarthar nó san iarthuaisceart agus ionad úr eile ar chósta thoir na tíre, ar mhaithe le tacú leis an ionad atá ag an chabhlach i gCorcaigh faoi láthair. Tá calafort na gCealla Beaga luaite mar chalafort a d’fhéadfaí a úsáid mar lárionad cabhlaigh faoin Straitéis Náisiúnta Slándála Mara. San áireamh fosta tá calafort Ros a Mhíl agus calafort na Gaillimhe. Níl an Roinn Cosanta ná an tseirbhís chabhlaigh sásta a rá ag an phointe seo cén uair a bheas cinneadh déanta acu faoin dá chalafort bhreise a bheidh ina lárionaid ag an chabhlach.

TG4

Seolfaidh Cartlann TG4 taispeántas físe Súil Siar ar Scannáin Dobharchú 1992-2022 in Amharclann Ghaoth Dobhair tráthnóna inniu. Déanfar comóradh ar shaothar ealaíon an léiritheora teilifíse Máirín Seoighe, a bhásaigh sa bhliain 2022 agus a raibh cónaí uirthi i nGaoth Dobhair ar feadh tréimhse. Rinne Máirín réimse leathan de chláracha ceoil agus faisnéise agus beidh blaiseadh den éagsúlacht sin le feiceáil anocht. Beidh airgead a bhailiú de Choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall ag an ócáid.

Sábháilteacht Feirme

Beidh an dara ócáid faoi Shábháilteacht Feirme ar siúl ar an Chlochán Liath tráthnóna inniu. Tabharfar eolas ar dhóigheanna le timpistí a sheachaint ar fheirmeacha, go háirithe ó thaobh innealra agus beostoic de. Beidh ceardlanna á reáchtáil do fheirmeoirí áitiúla, oibrithe feirme agus a dteaghlaigh. Beidh an ócáid in Ionad Theampaill Chróine, An Clochán Liath tráthnóna inniu ag a 7.00pm.