Timpiste
Gortaíodh beirt fhear go holc i dtimpiste idir dhá charr ar bhealach an N13 ag an Bheart tráthnóna inné. Tharla an timpiste ag 5.30 ar an bhealach idir Mainéar Uí Chuinneagáin agus Beart. Tugadh tiománaí amháin, fear ina chuid fichidí go hotharlann Leitir Ceanainn, agus é gortaithe go dona, agus tugadh an dara tiománaí, fear sna déaga go hotharlann Leitir Ceanainn agus é gortaithe go dona. Bhí an bealach druidte ar feadh roinnt uaireanta an chloig aréir agus scrúduithe dlíeolaíochta ar bun ag an Gharda Síochána ag láthair na timpiste. Tá achainí déanta ag Gardaí ar dhaoine a bhí ag taisteal sa cheantar sin idir 4.30 agus 5.30 tráthnóna inné, agus a bhfuil taifead Dash Cam acu, é sin a chur ar fáil do na Gardaí ag Stáisiún Gardaí Bhun Cranncha. Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil eolas aige faoin timpiste nó a chonaic an timpiste, teagmháil a dhéanamh le Gardaí Bhun Cranncha ag an uimhir 074 93 20540.
Brící lochtacha
Tá €1.5m caite ar obair chóirithe riachtanach ar thithe ina bhfuil brící lochtacha i nDún na nGall go dtí seo. De réir an eolais a thug Rannóg Tithíochta na Comhairle Contae don Chomhairleoir Joy Beard rinneadh obair chóirithe riachtanach ar 313 teach ina bhfuil brící lochtacha. Caitheadh ar an mheán €4,828 ar achan teach a raibh gá obair riachtanach a dhéanamh air. Tá €283,000 den €1.5M a caitheadh ar an obair chóirithe riachtanach sin faighte ar ais ag an gComhairle ón Roinn Comhshaoil go dtí seo. Tá súil ag an Chomhairle tuilleadh den airgead sin a fháil ar ais ón Roinn nuair a fhógrófar scéim leis an airgead seo a aisíoc.
Paróiste Chloich Cheann Fhaola
Measann an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh nach bhfuil an tacaíocht cheart á tabhairt ag Údarás na Gaeltachta do Pharóiste Chloich Cheann Fhaola. Dúirt sé gur cheart daofa níos mó iarrachta a dhéanamh fostaíocht a chur ar fáil sa cheantar agus dúirt sé gur cheart go mbeadh Gteic lonnaithe ar an Fhál Carrach. Dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh go bhfuil an ceantar seo i bhfad ar gcúl ó thaobh fostaíochta i gcomparáid le ceantair eile. Tá sé ag iarraidh ar Údarás na Gaeltachta, ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus ar Roinn na Gaeltachta chomh maith leis an Aire sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary a theacht le chéile agus plean forbartha a leagan amach don cheantar.
Gardaí tarrthála
Ní hionann na tréimhsí a mbíonn gardaí tarrthála ar dualgas ar thránna ag achan Comhairle Contae agus Údarás Áitiúil, agus tá gá le cur chuige aontaithe, dar leis an Seanadóir Mike Kennelly. Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McMahon as Bun Dobhráin le gairid gur cheart do Chomhairle Chontae Dhún na nGall gardaí tarrthála a chur ar dualgas níos luaithe sa séasúr. Faoi láthair, bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó thús mhí Mheithimh go dtí an dara seachtain de mhí Mheán Fómhair. Ba cheart iad a bheith ar dualgas ó thús mhí na Bealtaine sa chontae a dúirt an Comhairleoir McMahon. Tá an Seanadóir Kennelly ag iarraidh go mbeadh gardaí tarrthála ar dualgas na tréimhsí ama céanna ar fud na tíre.
Folúntais
Tá sé tugtha le fios ag Stiúrthóir Acmhainní Daonna Chomhairle Chontae Dhún na nGall Garry Martin don Chomhairleoir Contae Dakota Nic Mheanman go bhfuil 75 folúntas san eagraíocht faoi láthair. Dúirt sé go bhfuil na folúntais i rannóga éagsúla sa Chomhairle Contae, idir thithíocht, bhóithre, acmhainní daonna, phleanáil, airgeadas agus chórais eolais. Dúirt sé go bhfuil dianiarrachtaí ar siúl ag an Chomhairle tuilleadh foirne a earcú. Dúirt Garry Martin go bhfuil na postanna seo riachtanach le seirbhísí éifeachtacha a chur ar fáil sa Chontae.