Tránna
Tá srianta i bhfeidhm ag seacht dtrá i nDún na nGall mar gheall ar imní faoi thruailliú. Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nó an EPA ag tabhairt rabhaidh don phobal gan dul ag snámh ar Thrá na mBan i mBun Cranncha, ar Thrá Lios Feannáin i bhFathain ná ar thránna Bhun Dobhráin, Rath Maoláin, na nDúnaibh, Fhionntrá ná Phort an tSalainn. Beidh na srianta i bhfeidhm ar feadh trí lá. Deir an Ghníomhaireacht gurb í an bháisteach throm le tamall anuas is cúis leis. Déanfar scrúdú ar an uisce agus cuirfear na samplaí ar aghaidh chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lena dtástáil sula gcuirfear deireadh leis na srianta. Moltar do dhaoine a bheith cúramach agus gan an t-uisce a shlogadh, a lámha a ní sula láimhseálann siad bia, gan dul ag snámh má tá gearradh nó gortú oscailte orthu, agus gan dul ag snámh má tá siad ag iompar clainne nó má tá tinneas de shórt ar bith orthu.
Loch Dearg
Tá sé fógartha ag Easpag an Chlochair, Larry Duffy, go bhfuil an Moinsíneoir Joseph McGuiness ceaptha ina Phrióir ar Loch Dearg.
Tagann sé i gcomharba ar an Athair Laurence Flynn atá sa ról ó 2017. Is as Lios na Scéithe, Contae Fhear Manach don Mhoinsíneoir McGuinness agus oirníodh ina shagart é i 1984. I measc na gceapachán eile a rinne an tEaspag Duffy, tá an tOirmhinneach Stephen Duffy, atá ina shagart cúnta i bparóistí Bhaile na Lorgan agus Chluain Tiobrad faoi láthair, ceaptha ina shagart paróiste i mBun Dobhráin agus i mBéal Átha Seannaidh. Ceapadh an tOirmhinneach Jeremiah Mun-yoki atá ina shagart cúnta i mBun Dobhráin agus Bhéal Átha Seannaidh ina shagart cúnta i bparóistí Bhaile na Lorgan agus Chluain Tiobrad.
Sceacha
Beidh teagmháil á déanamh ag Comhairle Chontae Dhún na nGall le daoine a bhfuil talamh acu in aice bóithre poiblí má tá sceacha ag fás amach ar na bóithre, i gceann roinnt seachtainí. Cuirfear i gcuimhne do na húinéirí talún go bhfuil dualgas orthu faoi dlí taobhanna na mbóithre a choinneáil glan, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
I gcásanna a bhfuil imní faoi shábháilteacht bóthair, agus sceacha ag fás ar thaobhanna na mbóithre, tabharfaidh baill den Chomhairle Contae cuairt ar úinéirí talún le socrú a dhéanamh. Beidh rogha ag úinéirí na sceacha a ghearradh iad féin, nó gearrfaidh an Chomhairle Contae an fásra ar thaobh na mbóithre, agus cuirfear an bille chuig an úinéir talún.
Tá €138,000 caite ag Comhairle Chontae Dhún na nGall ar ghearradh sceach ar thaobhanna na mbóithre le dhá mhí dhéag anuas. Níl bóithre náisiúnta an chontae san áireamh ansin, mar gurb é Bonneagar Iompair Éireann atá freagrach as na bóithre náisiúnta. Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty go bhfuil imní air faoi chaighdeán na hoibre in áiteanna, agus sceacha á ngearradh ar thaobhanna na mbóithre. Dúirt an Comhairleoir McClafferty gur cur amú airgid roinnt den obair a rinneadh ag gearradh sceach ar thaobhanna na mbóithre.
Tinte sléibhe
Tá plean le cur le chéile maidir leis an dóigh le déileáil le tinte sléibhe ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Tá comhlacht comhairleoireachta á earcú faoi láthar ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh chun Plean Bainistíochta Tinte Sléibhe a fhorbairt do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Beidh an togra seo á mhaoiniú ag togra PEAT, le maoiniú ó chiste Eorpach, Peace Plus. Cuirfear an plean le chéile i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, le Seirbhís Dóiteáin Chomhairle Chontae Dhún na nGall, Coillte, Fiadhúlra Uladh, Ionad Carbóin Crichton in Albain agus Campas Dhún na nGall d'Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Ceapfar plean chun cosaint a thabhairt don 16,000 heicteár atá i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha maidir le tinte de.
N56
Beidh comhairliúchán poiblí ar siúl inniu maidir leis na hoibreacha uasghrádaithe atá beartaithe ar bhealach an N56 ag Dún Cionnaola agus Baile Mhic Gabhann. Mar chuid den obair tá feabhas le cur ar chúrsaí sábháilteachta ag Scoil Náisiúnta Dhún Cionnaola, áit a bhfuil imní faoi easpa sábháilteachta le blianta beaga anuas. Beidh ócáid eolais ar siúl inniu in Ionad Pobail Dhún Cionnaola ón 2.00 go dtí an 7.00 a chlog.
Inis Bó Finne
Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar Inis Bó Finne inniu chun an staidéar féidearthachta maidir le seirbhís farantóireachta a chur ar fáil chuig an oileán a phlé. Ceadaíodh maoiniú ar na mallaibh faoi chlár Leader do Chomharchumann na nOileán Beag le tabhairt faoi staidéar féidearthachta le seirbhís farantóireachta a chur ar fáil go dtí na hoileáin bheaga i nDún na nGall. Is iad Inis Bó Finne, Inis Caorach, Inis Fraoch, Inis Mhic an Doirn, Gabhla agus Inis Oirthear na hoileáin atá i gceist. Beidh an cruinniú ar siúl in Ionad Pobail Inis Bó Finne inniu ag an 2.00 a chlog.