Painéil ghréine

Tá níos mó éilimh ná mar a bhí riamh roimhe ar phainéil ghréine, de bharr an bhuntáiste eacnamaíochta a bhaineann leo, a dúirt an conraitheoir leictreach Máirtín Ó Duibhir as Gaoth Dobhair.

Léiríodh i dtuarascáil de chuid Eirgrid inné gurbh í an mhí s'chuaigh thart an mhí ab fhearr riamh maidir le cumhacht ó phainéil ghréine.

Tháinig 9.4% d’fhuinneamh na tíre ó fhuinneamh gréine i mí Iúil i mbliana.

Dúirt Máirtín Ó Duibhir gur buntáiste mór a bheadh ann do dhaoine dá ndéanfaí méadú ar an deontas atá ar fáil ón SEAI chun painéil ghréine a fheistiú.

Árachas gluaisteán

Tá Rannóg Gardaí Dhún na nGall i measc na Rannóg Gardaí is mó sa tír a bheir ar thiománaithe a bhí ag tiomáint gan árachas sna chéad sé mhí i mbliana.

Bheir Gardaí i nDún na nGall ar 378 tiománaí as bheith ag tiomáint gan árachas sa Chontae idir Eanáir agus Meitheamh i mbliana, de réir na bhfigiúirí a cuireadh ar fáil do Theachta Dála Shinn Féin, Pa Daly.

Tá ardú tagtha le blianta beaga anuas ar líon na dtiománaithe gan árachas atá á dtabhairt os comhair na cúirte ó cuireadh an córas úr i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2024 áit a dtig le Garda seiceáil a dhéanamh ar árachas feithiclí ag seicphointí.

Bheir Gardaí ar 510 tiománaí gan árachas i nDún na nGall in 2023, 698 in 2024 agus 682 tiománaí a beireadh orthu anuraidh as bheith ag tiomáint gan árachas.

Bealach Glas

Tá an t-iarratas pleanála, an Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta agus an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh foilsithe inniu ag Comhairle Contae Dhún na nGall don Bhealach Glas atá beartaithe don Bhearnas Mhór.

Tá an togra seo i measc na dtograí is mó turasóireachta agus timpeallachta ag an Chomhairle Contae.

Beidh 37.5km de Bhealach Glas á fhorbairt idir Baile Dhún na nGall agus Bealach Féich, agus beidh sé 4 mhéadar ar leithne le cosán siúil agus raon rothaíochta.

Bhí go leor próisis comhairliúcháin phoiblí ar siúl ag an Chomhairle Contae le pobal na háite seo le roinnt blianta, agus beidh próiseas comhairliúcháin eile ar na pleananna deiridh seo, ar siúl ón Luan seo chugainn an 17 Lúnasa.

Ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil don togra, tá súil tús a chur leis an obair sa bhliain 2028.

Otharlann Leitir Ceanainn

Chaith bainistíocht Otharlann Leitir Ceanainn €4.6m ar thacsaithe idir 2021 agus 2024.

Bhí an bille tacsaithe is airde i réigiún sláinte an iarthair agus an iarthuaiscirt ag Otharlann Leitir Ceanainn don tréimhse sin.

Baineann na costais sin le tacsaithe, iompar príobháideach, agus mionbhusanna.

Sa mhullach air sin, chaith Otharlann Leitir Ceanainn chóir a bheith €6m ar Otharcharranna príobháideacha idir 2021 – 2024.

Shaun Ó Dubhchóin

Cuirfidh an dornálaí, Shaun Ó Dubhchóin as an Mhín Charraige i nGort an Choirce tús lena fheachtas i gCraobh Dornálaíochta Faoi 19 mbliana na hEorpa i Loznica sa tSeirbia inniu.

Rinneadh an tarraingt don chraobh aréir agus tabharfaidh sé aghaidh ar Samuel Montano na Spáinne sa chéad bhabhta sa rannóg 85 cileagram ag 4:30 tráthnóna inniu, am na tíre seo.

Tá Shaun Ó Dubhchóin ina bhall de Chlub Dornálaíochta Dhún Fionnachaidh agus is é an t-aon duine as Dún na nGall a roghnaíodh ar fhoireann faoi 19 mbliana na hÉireann i mbliana le dul san iomaíocht i gCraobh na hEorpa.

Mona McSharry

D’éirigh leis an snámhaí Mona McSharry as Sligeach ach a bhfuil ceangal láidir aici le Dún na nGall, an dara háit a bhaint amach i rás brollaigh 100 méadar na mban i gCraobhchomórtais na Eorpa i bPáras na Fraince, tráthnóna inné.

Chríochnaigh sí an rás i mbomaite, cúig soicind agus 41 milleasoicind agus bhain sí curiarracht phearsanta úr amach.

Beidh sí san iomaíocht i rása brollaigh 200 méadar na mban sa chomórtas agus cuirfear tús leis na babhtaí cáilithe tráthnona inniu chomh maith leis an rása brollaigh 50 méadar a thosóidh tráthnóna Dé Sathairn.

Ba le Club Snámha Merline i mBéal Átha Seanaidh a rinne Mona McSharry a cuid traenála ina hóige.

Tá ceangal láidir aici leis an chlub i rith a saoil agus d’fhreastail sí ar Choláiste Cholmcille sa bhaile fosta.