Tragóid sa Chabhán

Fuair Noreen Mhic Aodha, bean chéile an iar-imreora contae as Cill Chartha James Mac Aodha, a maraíodh go tragóideach i dtimpiste bóthair i gContae an Chabháin Dé Luain, bás in Otharlann Beaumont i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Fuair James Mac Aodha bás ag láthair na timpiste a tharla ar bhealach an N3 i nDroim Mallacht idir Achadh an Iúir agus an Cabhán nuair a bhuail carr agus veain in éadan a chéile go gairid roimhe an 2 a chlog Dé Luain.

Gortaíodh a bhean chéile Noreen go dona sa timpiste agus aistríodh ar héileacaptar í chuig Otharlann Beaumont i mBaile Átha Cliath, ach tá sé deimhnithe ag na Gardaí i ráiteas inniu go bhfuair sí bás tráthnóna inné.

Bhain mionghortuithe do thiománaí an veain, agus cuireadh cóir leighis air ag láthair na timpiste.

Tá na Gardaí i gCoill an Chollaigh i gContae an Chabháin ag achainí arís ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal sa cheantar agus a chonaic an timpiste, go háirithe duine ar bith a bhfuil taifead daischeamara ina gcarr, é seo a chur ar fáil daofa.

Bhí aithne leitheadach ar James Mac Aodha a bhain Craobh na hÉireann le Dún na nGall i 1992 i gcuideachta a dhearthára Máirtín.

Maireann a mac Eoin, a n-iníon Emma agus gaolta eile leo.

Dochtúirí teaghlaigh

Caithfidh an Rialtas infheistíocht fhiúntach a dhéanamh sna seirbhísí sláinte ag leibhéal pobail, le theacht ar réiteach maidir leis na fadhbanna atá ag daoine clárú le dochtúir teaghlaigh, a dúirt an Comhairleoir Contae Dakota Nic Mheanman.

Dúirt sí nach bhfuil ach cúigear dochtúirí teaghlaigh breise ag obair i nDún na nGall ó 2020, am go dtáinig méadú mór ar dhaonra na contae.

Tá fadhbanna móra ag daoine coinne a fháil in go leor páirteanna de Cheantar Bardais Leifir agus Shraith an Urláir go háirithe, a dúirt an Comhairleoir Nic Mheanman.

Dúirt sí go gcaithfidh an Rialtas infheistíocht a dhéanamh in ionaid cúraim phríomhúil leighis sna pobail.

Tá práinn iontach anois leis an fhadhb atá le ganntanas dochtúirí teaghlaigh i gcontae Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Nic Mheanman.

Scoil fiaclóireachta

Ba cheart scoil fiaclóireachta a chur ar bun i nDún na nGall, dar leis an Teachta Dála Charles Ward.

Dúirt sé go bhfuil fadhbanna ag go leor daoine sa cheantar coinne fiaclóireachta a fháil, agus dúirt sé fosta go bhfuil laghdú ar líon na bhfiaclóirí atá ag freastal ar othair a bhfuil cártaí leighis acu.

Measann an Teachta Ward gur buntáiste a bheadh ann dá mbeadh scoil fiaclóireachta lonnaithe san iarthuaisceart.

Níl an scéim fiaclóireachta atá ann faoi láthair ag freastal mar is ceart ar an phobal, dar leis.

Tá go leor den phobal ag gearán faoi na fadhbanna atá acu coinne fiaclóra a fháil, agus tá costas ollmhór fiaclóireachta ar othair faoi láthair, a dúirt an Teachta Charles Ward.

Seicphointí

Tá sé curtha in iúl ag an Gharda Síochána i nDún na nGall go raibh seicphointí acu i gceantar an Chaisleáin Nua Dé Luain is chuaigh thart, mar chuid dá bhfeachtas Cósta ar Aire.

Is feachtas é seo atá ar bun ag Gardaí i gcomhar le Seirbhís Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim agus gníomhaireachtaí eile ag iarraidh ar dhaoine a chur ar an airdeall faoi ghníomhaíochtaí neamhghnácha amach ó chósta na Contae.

Deir na Gardaí go bhfuil iarrachtaí ar bun acu cosc a chur ar dhrugaí mídhleathacha a bheith a dtabhairt i dtír ar chósta na Contae.

Dáileadh bileoga eolais ar thiománaithe ag na seicphointí.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a fheiceann rud ar bith a bhfuil amhras orthu faoi go háirithe ag tránna, céanna nó ar chósta na Contae teagmháil a dhéanamh láithreach leo.

Cáin Bhreisluacha ar bhreosla

Beidh breis agus Billiún Euro á fháil ag an Rialtas i gCáin Bhreisluacha ar bhreosla i mbliana, agus níl sé ceart ná cóir go bhfuil siad chun luach artola agus díosal a ardú ar an mhí seo chugainn, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

Ní thig glacadh leis seo, ag am go bhfuil luach an bhreosla chomh hard cheana féin, a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil achainí déanta ag Sinn Féin ar an Rialtas gan dul ar aghaidh lena bplean ardú a chur ar luach artola agus díosal.

Caithfear seasamh le teaghlaigh agus oibrithe na tíre atá ag streachailt mar atá, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Gradaim Aitheantais Pobail

Tá Forbairt Áitiúil Dhún na nGall ag glacadh le hainmniúcháin faoi láthair do Ghradaim Aitheantais Pobail 2026.

Tugann na Gradaim seo aitheantas do dhaoine, do ghrúpaí agus do choistí a chuireann le saol an phobail.

Bronnfar gradaim i gceithre cinn de rannóga agus beidh an bronnadh ar siúl an 5 Samhain.

Bronnfar gradam don ghrúpa pobail is fearr ó thaobh cuimsiú sóisialta, an grúpa beag pobail is fearr, an grúpa mór pobail is fearr agus an togra pobail is mó a raibh tionchar aige ar chúrsaí timpeallachta sa phobal.

Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh a shuíomh idirlíon Fhorbairt Áitiúil Dhún na nGall go dtí an Aoine an 11 Meán Fómhair.

Mona McSharry

Cháiligh an snámhaí Mona McSharry as Sligeach ach a bhfuil ceangal láidir aici le Dún na nGall do na babhtaí ceannais sa snámh brollaigh 100 méadar ag Craobhchomórtais Uiscíochta na hEorpa i bPáras, i ndiaidh di an chéad áit a bhaint amach sa rása sna babhtaí leathcheannais tráthnóna inné.

Chríochnaigh sí an rása i mbomaite, 5 soicind agus 64 milleasoicind.

Beidh na babhtaí ceannais ar siúl tráthnóna inniu ag an 6 a chlog, am na hÉireann.

Beidh McSharry san iomaíocht sa rás brollaigh 200 méadar chomh maith agus cuirfear tús leis na babhtaí cáilithe amárach.

Beidh sí san iomaíocht sa rás brollaigh 50 méadar fosta a bheidh ar siúl Dé Sathairn.