Comhpháirtíocht nua idir Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus BÁC le Gaeilge chun gnólachtaí áitiúla a nascadh le beagnach 100,000 duine a bhfuil Gaeilge acu
Mar chuid den comhpháirtíocht le Gaeilge 365, Tá 'An Euro Gaelach' seolta ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus BÁC le Gaeilge, tionscnamh nua a bhfuil sé mar aidhm aige leas a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch na Gaeilge agus cnuasaigh de ghnólachtaí a chuireann fáilte roimh an nGaeilge a chruthú i mbailte ar fud limistéar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
Oibreoidh an chomhpháirtíocht le 50 gnólacht áitiúil ar dtús, ag tacú leo an Ghaeilge a thabhairt isteach in eispéireas a gcuid custaiméirí agus an teanga a úsáid mar bhealach nua chun gnólachtaí a nascadh le tomhaltóirí áitiúla. Tá Bainisteoir Comhchaidrimh don limistéar Dún Laoghaire-Ráth an Dúin fostaithe ag BÁC le Gaeilge – Síne Nic an Ailí – chun na gnólachtaí a aimsiú agus tacú leo.
D’eascair an feachtas as comhpháirtíocht leanúnach BÁC le Gaeilge le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil 100 gnólacht anois mar chuid de líonra Labhair Linn. Léiríonn an fás seo go bhfuil fonn méadaitheach ar ghnólachtaí an Ghaeilge a úsáid mar bhealach chun nasc níos láidre a chruthú lena gcustaiméirí. Trí cúnamh agus maoiniú Gaeilge 365, tógfaidh an chomhpháirtíocht nua le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ar an taithí sin, le béim ar leith ar chnuasaigh de ghnólachtaí rannpháirteacha a chruthú i mbailte áitiúla.
Tá margadh suntasach ann cheana féin. Tá Gaeilge ag beagnach 100,000 duine i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin – thart ar 43% den daonra atá trí bliana d’aois agus níos sine.
Tá luach eacnamaíoch méadaitheach na Gaeilge léirithe freisin i dtaighde Amárach. Dúirt 41% de na tomhaltóirí a ndearnadh suirbhé orthu gur dhóichí go gceannóidís táirge nó seirbhís a úsáideann Gaeilge ina margaíocht, agus dúirt 26% go mbeidís sásta níos mó a íoc as táirge nó seirbhís a úsáideann Gaeilge.
Is é an deis eacnamaíoch seo atá i gceist ag BÁC le Gaeilge le An Euro Gaelach – daoine ar mian leo Gaeilge a úsáid a nascadh le gnólachtaí a chuireann fáilte roimh an teanga agus a spreagann a húsáid, agus ag an am céanna níos mó caiteachais a choinneáil sa gheilleagar áitiúil.
Dúirt Mícheál Ó Nualláin, Stiúrthóir BÁC le Gaeilge:
"Ní gá dúinn éileamh a chruthú – tá an t-éileamh anseo cheana féin. Is í an deis atá againn anois ná na daoine sin a nascadh le gnólachtaí áitiúla agus áiteanna a thabhairt dóibh inar féidir leo a gcuid Gaeilge a úsáid.
Díreoidh an chéad chéim ar 50 siopa, caifé, bialann, soláthraí seirbhíse agus gnólacht eile a earcú agus cnuasaigh a fhorbairt i mbailte agus i lárionaid tráchtála laistigh de limistéar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
Is féidir le gnólachtaí ar spéis leo páirt a ghlacadh in An Euro Gaelach teagmháil a dhéanamh le BÁC le Gaeilge ag DLR@baclegaeilge.ie nó trí BÁC le Gaeilge ar na meáin shóisialta chun tús a chur leis an bpróiseas.