Labhair Dara Ó Cinnéide, bainisteoir réigiúin Raidió na Gaeltachta i gCúige Mumhan faoin nGradam Aitheantais Saoil IMRO le bronnadh ar Helen Ní Shé, iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bhí Dara i láthair nuair a bronnadh an gradam saoil ar Helen a chur An Saol Ó Dheas i láthair ar feadh blianta fada, ó 2008 go 2025, agus dúirt sé gur labhair sí faoin bpribhléid a bhí uirthi a bheith os comhair an mic agus ag labhairt lena pobal. Dúirt Ó Cinnéide gur thagair sí d'fhíodóirí focal, don gnáthdhuine a d'éist sa bhaile agus do leithéidí Emma Mhic Mhathúna ar chur sí agallaimh uirthi agus í go dona tinn freisin.
Ag caint faoin oidhreacht a d'fhág Helen ina diaidh sa stiúideo nuair a d'éirigh sí as, dúirt Ó Cinnéide gur éisteoir 'iontach' ab ea í a bhí géarchúiseach, a bhí fiosrach agus a raibh misneach aici. Chuaigh sí ar thóir scéalta na ndaoine agus bhí sí in ann labhairt le híochtarán agus le huachtarán agus bhí iontaibh ag an bpobal éisteachta aisti.
Is í Sláine Ní Chathalláin a tháinig i gcomharbacht ar Helen ar An Saol Ó Dheas agus is féidir éisteacht léi ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.