skip to main content

This is Art! Comórtas ealaíne do dhaoine óga seolta

**Repro Free: 22/09/2026 Young creativity takes centre stage as RTÉ This Is Art! 2026 launches at the Irish Museum of Modern Art (IMMA). Pictured young art enthusiast, Nirmal Surat, age 9, from Navanas the all-island competition opens for entries under th

Seoladh This Is Art! RTÉ, le tacaíocht ó Éire Ildánach i gcomhpháirtíocht le Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte an Rialtais, ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), comórtas trína bhfuiltear ag iarraidh ar leanaí samhlaíocha agus ar dhaoine óga ar fud oileán na hÉireann i gceithre chatagóir aoise (7 mbliana d'aois nó níos óige, Idir 8 agus 11 bhliain d’aois, idir 12 agus 15 bliana d’aois, Idir 16 agus 18 mbliana d’aois), agus i gcatagóir do ghrúpaí, a bheith cruthaitheach.

Tá duaischiste €10,000 ar fáil maidir le gradaim agus sparánachtaí do bhuaiteoirí ar fud cúig chatagóir. Tá lánsaoirse ag na cruthaitheoirí óga iad féin a chur in iúl trí cibé meán ealaíne is fearr leo, idir líníocht agus péintéireacht, dealbhóireacht agus faisean, agus fiú grianghrafadóireacht. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar rte.ie/thisisart

Iarrtar ar na hiarrthóirí a n-ábhar inspioráide a bhunú ar théama na bliana 2026 'Seo Muid’. Tugann an téama sin saoirse iomlán don aos dána agus cruthaitheachta óg, gan bheann ar réimsí cumais, an ní a shamhlaítear dóibh a chruthú. Tugtar cuireadh do na hiarrthóirí a bhfuil i gceist le daoine, caidrimh agus muintearas dúinn agus na daoine a bhfuil gean againn orthu, na háiteanna is dual dúinn agus na hócáidí i gcomhar a cheiliúradh.

Tá ceathrar a thacaíonn le cruthaitheacht na hóige ó oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin tagtha le chéile chun bheith ar an bpainéal moltóirí. Tá léargas ag an gceathrar sin ar an ealaín, ar mhaisiú leabhar, ar chúrsaí teilifíse, ar chúrsaí oideachais agus ar mhúsaeim. Bainfidh an t-ealaíontóir greannán a rugadh i gCorcaigh agus an láithreoir teilifíse Will Sliney, an Singeapórach-Éireannach, an maisitheoir agus múrmhaisitheoir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath Holly Pereira, an t-ealaíontóir agus oideachasóir a rugadh san Astráil agus atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath Barbara Knežević, agus Coimeádaí i Músaem Uladh i mBéal Feirste Charlotte McReynolds, leas as a gcúlraí cruthaitheacha éagsúla chun iontrálaithe óga cumasacha na bliana seo a aimsiú, a cheiliúradh agus duaiseanna a bhronnadh orthu.

**Repro Free: 22/09/2026 Young creativity takes centre stage as RTÉ This Is Art! 2026 launches at the Irish Museum of Modern Art (IMMA). Pictured young artists, Uishe Bambury, age 12, from Leixlip, Kildare (RTÉ This is Art! 2024 Winner) and Art enthusiast, Joanna Ujadughele, age 10, from Carlow Town

Tháinig na moltóirí, ionadaithe as RTÉ, Éire Ildánach agus buaiteoirí This is Art! roimhe seo le chéile in IMMA chun an seoladh a cheiliúradh. Ghlac siad páirt i rang ealaíne speisialta leis an ealaíontóir ceirmeachta Taz Kelleher. Tugadh téama nua an chomórtais chun fíre le linn an tseisiúin, a spreag ealaíontóirí óga chun bheith cruthaitheach, tabhairt faoi rudaí nua agus a dtuiscint féin ar a bhfuil i gceist le ‘Seo Muid!’ a chur in iúl.

Ag labhairt di ag seoladh This is Art! RTÉ:

Dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildánach: "Is iontach an comórtas ealaíne ar líne é This is Art!, lena ngabhann gailearaí ar líne ina bhfuil cartlann bhuan phoiblí inar féidir na hiontrálacha uile a rinneadh roimhe seo a fheiceáil, agus a chuireann cleachtas ealaíne chun cinn i measc daoine óga agus a spreagann agus a thacaíonn leis an gcruthaitheacht, leis an úrnuacht agus leis an bhféinléiriú. I gcomhpháirtíocht le Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte agus le RTÉ, tá an comórtas seo oscailte do chách chun a ndearcthaí a roinnt agus a gcruthaitheacht a cheiliúradh ar fud an oileáin uile. Is fada linn go bhfeicfimid an méid a chruthóidh ealaíontóirí óga na bliana seo mar fhreagairt ar an téama ‘Seo Muid!’.’

Is éard a dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí ar Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga RTÉ: "Ní chreidimid gurb é seo an séú This is Art! RTÉ cheana féin. Baintear siar asainn é gach uile bhliain nuair a fheicimid cruthaitheacht na ndaoine óga ar fud an oileáin agus is mór an phribhléid dúinn é ardán a thabhairt dóibh chun a saothar ealaíne, smaointe agus a ndearcthaí a roinnt linn. Is é Seo muid téama na bliana seo, téama trína ndéantar ceiliúradh ar uathúlacht gach duine againn, agus is fada linn go bhfeicfimid an léamh a bheidh ag ealaíontóirí óga air sin. Is féidir iarratas a dhéanamh go hoifigiúil anois ar rte.ie/thisisart. Lig leis an tsamhlaíocht!"