skip to main content

AI agus Oideachas na Gaeilge

Collection of Gemini, Claude, ChatGPT, DeepSeek, Mistral and Copilot app icons on a smartphone screen

Getty

Labhair Gean Gilger ón ETB ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bplé atá le déanamh ag Fóram Feasa Beo ar Úsáid na hIntleachta Saorga sa tumoideachas.

Cé go bhfuil go leor, leor cainte faoin gcontúirt a bhaineann leis an intleacht shaorga go hidirnáisiúnta agus anseo in Éirinn, tá buntáistí ag baint leis freisin don seomra ranga.

Ag labhairt ar Adhmhaidin, dúirt Urlabhraí Beartais agus Forbairt Oideachais, Gean Gilger faoi na buntáistí atá le plé ag múinteoirí iarbhunscoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta. Deir Gilger, macasamhail go leor timpeallachtaí oibre, tá múinteoirí ag caint le tamall anuas faoin mbealach is fearr leis an intleacht shaorga a úsáid ar bhealach atá éifeachtach, dearfach agus freagrach.

INDONESIA - 2025/12/04: In this photo illustration, the Character AI chatbot logo is seen displayed on a smartphone. (Photo Illustration by Algi Febri Sugita/SOPA Images/LightRocket via Getty Images)

Sa bhFóram Feasa Beo, tá sé i gceist ag múinteoirí suí síos le chéile agus na ceisteanna atá ag teacht aníos maidir le húsáid na hintleachta saorga a phlé go hoscailte agus foghlaim óna chéile, ar an ábhar. Cé go bhféachann an ETB ar an intleacht shaorga mar áis foghlama do dhaltaí scoile, deir sí go dtuigeann sí go gcaithfear a chur in iúl do dhaltaí scoile go gcaithfear an áis a úsáid ar bhealach freagrach le tacú le foghlaim seachas í a chur i mbaol.

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.