skip to main content

'Tá daoine ag dúiseacht'- Doireann Ní Ghlacáin ar a halbam nua

Doireann Ní Ghlacáin- grianghraf le Bríd O'Donovan
Doireann Ní Ghlacáin, grianghraf le Bríd O' Donovan.

Labhair muid le Doireann Ní Ghlacáin faoina halbam nua, Tairseach, agus faoi shaol an cheoltóra óig ag maireachtáil san Ardchathair.

Bean óg í Doireann a bhfuil go leor bainte amach aici cheana féin, PhD, cláracha teilifíse go leor, podchraoladh, How to Gael, agus dár ndóigh ceol agus amhráin. Tá sé spéisiúil, áfach, go bhfeiceann sí í féin mar Ghael agus mar fhidléir, go príomha.

Agus í ag tabhairt faoin albam seo, Tairseach, deir sí go raibh sí ar thóir an rud neamhfhoirfe an rud amh agus go raibh sí sásta scaoileadh le smálanna beaga ar thraiceanna, mar gur sin an rud atá tábhachtach agus daonna, i ré seo na filters agus AI.

'Níl spéis agam stuif a chur amach atá hyper-produced, hyper-edited, sna smálanna beaga, is ansin atá an draíocht agus an rud daonna'

'Accidental activist' a thugann Doireann uirthi féin agus a cairde ar Ghaeilgeoirí agus ceoltóirí iad atá ag cur futhú i mBaile Átha Cliath. Síleann Ní Ghlacáin gur fhás an gníomhachas seo ón mbrú a bhí ar theach The Cobblestone cúpla bliain ó shin agus go bhfuil an beocht sin le brath i measc cheoltóirí. 'Tá daoine ag dúiseacht', a deir sí maidir leis an uaigneas a bhaineann le bheith de shíor ar scaileáin, seachas a bheith ag caitheamh ama le daoine.

Deir Ní Ghlacáin go raibh línte ó 'Fill Arís', de chuid an Ríordánaigh go minic ina hintinn agus í ag taifead 'Tairseach'. Freagra is ea an ceol don uaigneas sin agus deir sí go bhfuil sise agus daoine eile ag filleadh ar a bhfréamhacha; ceol, cairdeas agus ar an bpobail.

Feiceann Doireann go bhfuil an borradh ar an gcultúr Gaelach, an teanga agus na siombail a bhaineann le cultúr na hÉireann aimsithe ag daoine chun infheistíocht a dhéanamh sa tír nuair nach féidir leo tithe a cheannach nó fiú fanacht sa tír seo.

Ag caint ar na traiceanna a roghnaigh sí don albam, deir sí go raibh sí riamh tógtha leis an gcoincheap den 'saol eile' agus dá réir, phioc sí traiceanna a chur ag smaoineamh í ar an tairsiúlachas an spás sin ina dtéann tú, nuair a chloiseann tú ceol áirithe i do cheann féin, an tsíor-óigeacht a fhaigheann tú ó theagmháil daonna'.

Cé go ndeir sí go bhfuair sí agus go bhfaigheann sí spreagadh iontach ó fhathaigh an cheoil traidisiúnta, go raibh uirthi scaoileadh leo, go pointe, mar gur bhraith sí 'ana-theanntaithe' ag iarraidh a bheith chomh maith leo. Cé go bhfuil an t-albam seo agus Doireann í féin dílis don cheol traidisiúnta, dár léi, tá sí níos oscailte ná mar a bhí deich mbliana ó shin.

'I mórán slite, ceapaim nár thosnaigh mo shaol go rabhas tríocha ach, tá mé ana-dhílis dom féin, fé láthair'

Eiseofar an t-albam, Tairseach, in Eanair 2027 agus beidh Doireann ag dul ar chamchuairt timpeall na hÉireann leis. Ticéid ar fáil anois anseo.