Scríobhann Amano De Londra Miura faoin tréimhse a chaith sí ag cruthú agus ag smaoineamh faoi ealaíon ar oileáin sa Chríoch Lochlainn.
Nuair a smaoineofá ar chamchuairt na n-oileán seans go dtagann radhairc na Gréige chun cuimhne: fís idéalach na Meánmhara, uisce turcaidghorm, tithe bána, gaineamh óir agus crainn ológa. Le linn an tsamhraidh chaitheas féin seal idir dhá oileán ach i bhfad ón Aeigéach nó Iónach a bhíos. An Chríoch Lochlainn - Vestvågøy na hIorua agus Bornholm na Danmhairge - a bhí mar cheann scríbe agamsa.
Fuaireas deis taisteal ó chlár cónaitheachta idirnáisiúnta do thaibhealaíontóirí darb ainm Island Connect - comhoibriú idir compántais taibhealaíon comhaimseartha lonnaithe ar 12 oileán éagsúla san Aontas Eorpach ó Vis san Aidriadach chomh fada siar le Martinique sa Chairib. A bhuí le Irish Aerial Creation Centre, is í Éire an t-oileán is mó atá páirteach sa scéim agus fógraíodh glaoch oscailte ag tosach na bliana. Nuair a leaindeáil an nuacht go raibh rath ar m'iarratas thuigeas go raibh turas dom’ shaol romham.
Bhí an t-aistear ina heipic. D’eitil mé ar dtús ó Bhaile Átha Cliath go Bergen. Tá cáil ar an gcathair de bharr a háilleachta, a staire agus a bháistí. Ní raibh ach spéartha gorma i ndán dom agus mé ag glacadh mo chéad chéimeanna san Iorua. Bhronn an tonn teasa radhairc ríshoiléire orm agus mé ag eitilt ar aghaidh chuig cathair Bodø sa Chiorcal Artach. Bhíos fé gheasa ag féachaint síos ar oighearshruthanna agus fiordanna ag lonrú fé dian-solas na gréine. Bhraitheas freisin leochaileacht na dtírdhreach seo gan chosaint in aghaidh na hadhaimsire. Bhraitheas ciontach bheith in eitleán.
Ar bord bád farantóireachta a bhí an chuid eile den turas go Lofoten. Ní fhaca mé a leithéid de long riamh. Ní raibh ionam ach paisinéir lae ach bhí na céadta eile i mbun crús 12 lá agus an t-ádh dearg leo! Ag druidim ar na hoileáin chonac fiacla ollmhóra ag éirí ón Mhuir Ioruach. Ní béal ollphéist mhara a bhí i gceist ach carraigeacha spiacánacha na n-oileán scaipthe fad amhairc. Bhuail deora lem’ shúile idir an fuacht Artach san aer agus an buíochas a d’éirigh ó thobar mo chroí. Faoi dheireadh bhíos i Stamsund - sráidbhaile iascaireachta le daonra míle dhuine agus clú air mar mhol amharclannaíochta.
Cé go rabhas i bhfad ó Chill Airne bhí ceangal idir mo bhaile dúchais agus na spéartha seo ar m’intinn. I 2007 cuireadh tús le Tionscadal Athbhunaithe an Iolair Mara - comhoibriú idir Páirc Náisiúnta Cill Airne agus páirtithe caomhnaithe Ioruach. Le linn m’óige tugtar breis is 100 iolar mara óg ón Iorua go dtí na dTóimí ar bhruach an Locha Léin. Bhí roinnt briseadh croí thar na blianta agus inniu tá a n-uimhreacha ag méadú le roinnt péire ag síolrú timpeall na tíre. Pé rud faoi mo Ríocht féin, bhíos leaindeáilte anois i bhfíor ríocht na n-iolar. Mise a bhí seolta ó Chill Airne ó thuaidh mar aoi i gcontae ina bhfuil tuairim is 5,000 iolar mara ag maireachtaint.
Spreagtha ag an nasc seo, bhí sé beartaithe agam an chónaitheacht a chaitheamh ag déanamh iniúchadh ar théama an díothaithe. Théis chúpla lá ann, áfach, d’athraigh mo phlean. Cé go raibh tionscadal éiceolaíoch im’aigne, ní raibh ciall le tochailt insan méid a bhí caillte agus an t-éiceachóras chomh beo agus bríomhar thart timpeall orm. Thosnaíos ag labhairt mar sin le pobal na háite maidir lena gcaidreamh beo féinig le hainmhithe, éin agus éisc. Ar dtús níor chreididís go raibh mórán le rá acu. Bhí glúin na hiascairí nach mór imithe agus bearna le brath idir slí bheatha a bhraith ar thabhartas na farraige agus an tionscail turasóireachta atá i bhfeidhm anois. Ach de réir a chéile tháinig scéalta saibhre chun solas.
I ndiaidh geimhreadh dubh dorcha bíonn ceol na roilleach mar chomhartha dóchas do roinnt do mhuintir Stamsund. Is cuid don teaghlach iad na faoileáin agus is minic a labhraítear leo. Tá sé ráite go rud comónta go leor é sciathán iolar a bheith sa tigh ag máithreacha críonna, úsáidte mar scuab. Nuair a fhilleann oíche pholach arís líontar gach éadan siopa le síolta éan. Is nós é cabhrú lena chéile i rith an gheimhridh, is cuma cén speiceas.
Creidim gurb iad na ceangail laethúil seo, feicthe idir an cine daonna agus an domhain fhiáin, an chosaint is láidre atá againn in aghaidh na géarchéime aeráide. Nuair a thagaimid chun smaoineamh faoi "pobal" mar choincheap leathan, a chuimsíonn daoine, plandaí, éisc, éin, ainmhithe, aer, uisce, ithir agus tine, tuigimid conas gníomhú ar mhaithe a chéile. Ní gá dúinn an achoimre eolaíochta a thuiscint chun sláinte ár ndúiche agus na cairde lena roinnimid é a mheasadh. Ach conas gur féidir linn na ceangail seo a aimsiú agus a fhorbairt má tá siad caillte uainn? B’í sin an chéad cheist eile le freagairt agus oileán eile ag feitheamh orm.
Ag druidim ar mo laethanta deiridh ar na hOileáin Lofoten bhí idir ceamara, cóipleabhar, taifeadtaí agus samhlaíocht lán go barr agam. Chuaigh mé i dtaithí ar ghrian an mheán oíche, ar na torainn éagsúla a tháinig ón mhonarcha iasc sa chamhaoir agus ar bhúir ard na loinge chrúsála ag a 19:15 gach lá. D'éirigh mo shúile cleachta le smugairle róin a haimsiú in uiscí duibhe an cuan agus d’fhoghlaim mo chluasa scréach na n-iolar a aithint ar an leoithne. Bhíos an-chorraithe cloisteáil go raibh athrú tagtha freisin ar rannpháirtithe an taighde i dtaobh a gcuid breathnóireachta laethúil de. Bhraitheadar níos ceangailte leis na neacha eile thart timpeall orthu agus níos buíche as a bheith ina n-oileánaigh, tumtha sa dúlra gach lá.
Creidim gur féidir le hamhráin an dearcadh fite fuaite seo a mhúscailt ionainn chomh maith agus is minic go bhfeictear sin sna hamhráin traidisiúnta atá lán tagairtí timpeallachta. Chun glao ar "dúlamán na binne buí" nó "cuach go suairc ar nóin" nó "lúb na coille s'glaise" i seirbhís na scéalaíochta, caithfear caidreamh a bheith ag an scríbhneoir, an t-amhránaí agus an t-éisteoir le héiceachóras éagsúil bheo. Nuair a cailleadh an nasc laethúil agus an tuiscint intuigthe sin cuireadh guthanna an bheatha neamhdhaonna ina dtost agus caillimid cuid dár samhlaíocht roinnte. Le linn an tsamhraidh i Lofoten, chonac go bhfuil teagmháil idir daoine agus beatha an saol slán go fóill - ach chun luach an chaidrimh sin a mhúscailt bíonn cabhair ag teastáil. Tá cuspóir úimléideach ag cumadóir traidisiúnta na linne seo mar sin, chun cur i gcuimhne dúinn nach mbíonn ceol gan sláinte éiceolaíochta agus nach mbíonn sláinte gan cheol.
Tá Amano ag tabhairt cuairt ar gach cúige le linn an Fhómhair ar chamchuairt ceoil. Tuilleadh sonraí agus ticéid anseo.