Labhair Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi stádas reatha na leabhar Gaeilge, a leabhar féin ina measc, a bhfuil aitheantas faighte aige ó UNESCO.
Dúirt Ó Cnáimhsí go raibh lúchair mhór air nuair a fuair sé an scéal go raibh a leabhar, Mór agus Muilc aitheanta ag UNESCO, eagraíocht de chuid na Náisiúin Aontaithe.
Dúirt Ó Cnáimhsí go bhfuil UNESCO ag déanamh iarrachtaí aird a tharraingt ar mhionteangacha, teangacha dúchasacha atá i mbaol. Luaigh Ó Cnáimhsí go bhfuil tuairim is seacht míle teanga á labhairt ar an domhan faoi láthair ach go bhfuil suas go dtí 40% de na teangacha sin i mbaol, an Ghaeilge ina measc.
Mhínigh Dónall go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag UNESCO léitheoirí a spreagadh le tacú leis na teangacha seo agus mar chuid de na hiarrachtaí seo gur ainmníodh a leabhar féin, Mór agus Muilc, a bhfuil gnéithe den bhéaloideas ann, ar an liosta speisialta seo. Cluasa Chapaill an Rí, a d'fhoilsigh Futa Fata agus Snag Breac Ildaite a d'fhoilsigh LeabhairComhar.
Ag caint ar a leabhar féin, Mór agus Muilc, dúirt Ó Cnáimhsí gur 'scéal beag, simplí' a bhí ann a bhfuil leaganacha éagsúla ann i nGaeltachtaí timpeall na tíre.
Is féidir leat cóip de Mór agus Muilc a cheannach anseo
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 10.