Labhair muid le Neansaí Ní Choisdealbha faoin tsraith ceolchoirmeacha a chuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun comóradh a dhéanamh ar RTÉ 100, agus 75 bliain ar an bhfód á cheiliúradh ag Comhaltas.
Beidh ceolchoirm speisialta i ngach cúige den tír i mbráinsí réigiúnacha den Chomhaltas. Beidh an chéad cheann i gCeoláras Coleman i nGoirtín, Contae Shligigh ar an 16 Meán Fómhair.
Cad leis a bhfuil tú ag súil ó na ceolchoirmeacha seo?
Is mór againn an deis ceiliúradh a dhéanamh le Comhaltas i mbliana agus iad ag ceiliúradh 75 bliain ar an bhfód. Ar ndóigh, tá sé thar a bheith tráthúil go bhfuil RTÉ féin ag ceiliúradh 100 bliain i mbliana freisin.
Beidh na ceolchoirmeacha seo ina ndeis breathnú siar ar an obair atá déanta ag Comhaltas le 75 bliain anuas agus í a cheiliúradh trí cheol den scoth a chur os comhair an phobail ar an stáitse. Tá súil agam freisin go n-inseofar stair agus scéal Chomhaltas tríd an gceol agus trí chúpla agallamh speisialta a bheidh mar chuid den tsraith.
An bhfeiceann tú go bhfuil ceangal láidir idir Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus RTÉ Raidió na Gaeltachta?
Tá ceangal an-speisialta idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann a théann siar go dtí bunú an stáisiúin. Bhí RnaG i láthair ag Fleadhanna Ceoil na hÉireann ó na blianta tosaigh, ag taifeadadh ceoil agus imeachtaí, agus de réir mar a tháinig forbairt ar an teicneolaíocht, thosaigh siad ag craoladh beo ón bhFleadh.
Tá cuimhne agam féin a bheith ag freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann agus mé i mo dhéagóir, agus bhí RnaG ann i gcónaí ag labhairt leis na ceoltóirí, á dtaifeadadh agus ag tabhairt ardáin do cheoltóirí óga ar a gcláracha ceoil. Bhí agus tá ról lárnach ag an stáisiún i gcur chun cinn cheol agus chultúr na hÉireann.
An bhfuil aon cheolchoirm a bhfuil tú ag súil léi ón tsraith?
Tá mé ag súil leo ar fad! Beidh fócas ar cheantair éagsúla i ngach ceolchoirm, agus tá súil agam go mbeidh léargas le fáil ar na stíleanna réigiúnacha agus ar an saibhreas cultúrtha atá ag baint leis na ceantair éagsúla sin.
Is iontach an deis í freisin cuairt a thabhairt ar ionaid éagsúla de chuid Chomhaltas agus togha agus rogha na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí a fheiceáil ar an stáitse. Beidh bród ar leith ar gach duine acu as a gceantar féin agus as an traidisiún atá á chaomhnú agus á chur chun cinn acu.
An dóigh leat go mbaineann daoine sult speisialta as ceol beo fós, in ainneoin ré an idirlín agus na scáileán?
Is cinnte go mbaineann. Tá spiorad agus beocht ar leith ag baint le ceol beo nach féidir a athchruthú ar scáileán. Tá cumhacht ar leith aige mothúcháin a mhúscailt agus daoine a thabhairt le chéile ar bhealach fíorspeisialta.
Ag an am céanna, is meán thar a bheith cumhachtach é an raidió. Is féidir leat é a thabhairt leat i do phóca agus éisteacht leis cibé áit ina bhfuil tú. Go minic, nuair atá tú ag éisteacht leis an gceol gan an íomhá os do chomhair, éisteann tú níos géire agus níos doimhne leis an gceol féin. Mar thoradh air sin, is minic a fhaigheann tú níos mó tairbhe agus taitnimh as an a bheith ag éisteacht.
Beidh na ceolchoirmeacha eile ar siúl in Ionad Cultúrtha Brú Ború i gCaiseal, Tiobráid Árann ar an 14 Deireadh Fómhair, i gceanncheathrú an Chomhaltais, Cultúrlann na hÉireann i mBaile an Manach, Baile Átha Cliath ar an 18 Samhain, agus cuirfear clabhsúr leo ar an 2 Nollaig i nDún Uladh, Tír Eoghain. Beidh Neansaí Ní Choisdealbha mar bhean an tí, agus beidh na ceolchoirmeacha uilig á gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.