skip to main content

Bean a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath tar éis bháis

Belmayne assault scene
Ionsaíodh an bhean i mBéal Maighne, Baile Átha Cliath 13, Dé Luain seo caite

Tá bean sna tríochaidí tar éis bháis san ospidéal de bharr drochghortuithe a bhain di nuair a ionsaíodh í i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Dé Luain seo caite.

Tharla an t-ionsaí gar don tSráid Mhór i mBéal Maighne, Baile Átha Cliath 13, tráthnóna Dé Luain.

Tugadh an bhean go hOspidéal Beaumont, áit ar éag sí inné.

Tá scrúdú iarbháis á dhéanamh ar chorp na mná agus deir na Gardaí go mbunóidh siad a bhfiosrúchán ar na torthaí.

Gabhadh fear sna fichidí arú inné faoin ionsaí.

Scaoileadh saor é inné gan aon chúis a chur ina leith agus tá comhad faoina chás le cur ag na Gardaí chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Tá oifigeach idirchaidrimh ceaptha ag na Gardaí chun cabhrú le teaghlach na mná.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ