Tuairiscítear go mbeidh cruinniú eile tráthnóna ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant le háitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin maidir leis an aighneas faoin bparáid Oráisteach ar an mbaile sin.
Dúirt príomhionadaí na n-áitritheoirí Breandán Mac Cionnaith tamall gairid ó shin go raibh sé ar a bhealach go Caisleán Chromghlinne i gCo an Dúin le haghaidh an chruinnithe.
Níl sé soiléir i láthair na huaire an mbeidh aon chruinniú ag an Ord Oráisteach le Chris Bryant tráthnóna ó dúirt a bpríomhionadaí Nigel Dawson níos luaithe inniu nach raibh a leithéid beartaithe.
Roimhe sin, d'fhógair ardchonstábla na bpóilíní sa Tuaisceart Jon Boutcher gur chosain sé £3 mhilliún go dtí seo póilíniú a dhéanamh ar an aighneas i bPort an Dúnáin.
Dé hAoine seo caite, thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil trí cheantar náisiúnach Bhóthar Gharbhachaidh, cinneadh a bhfuil na háitritheoirí ag cur go láidir ina aghaidh.
Ag labhairt dó ag cruinniú poiblí de Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann inniu, dúirt Jon Boutcher gurbh é cuspóir na bpóilíní gach deis a chur ar fáil le go bhféadfaí cinneadh Choimisiún na bParáidí a chur i bhfeidhm.
Ina dhiaidh sin féin, arsa sé, ní hé sin le rá go gcaithfeadh na póilíní na deiseanna sin a chur ar fáil beag beann ar na hiarmhairtí.
Dúirt sé go raibh freagracht reachtúil ar na póilíní an tsíocháin agus an t-ord poiblí a choimeád.
Ní hé seo 1997, a dúirt John Boutcher, agus níl sé i gceist ag na póilíní baill den Ord Oráisteach a thionlacan agus a bhrú trí shlua naimhdeach.
Bheadh sin neamhshábháilte agus díréireach, agus d'fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith air ar fud Thuaisceart Éireann, a dúirt sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ