Tá ionadaithe áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh agus ionadaithe an Oird Oráistigh le comhráite a bheith acu arís inniu le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant féachaint le réiteach a fháil ar an aighneas faoin bparáid Oráisteach i bPort an Dúnáin.
I gCaisleán Chromghlinne i gCo an Dúin inné, chuir Chris Bryant moltaí réitigh faoi bhráid an dá dhream ar ghlac áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh leo ach ar dhiúltaigh an tOrd Oráisteach dóibh.
Phléigh príomhionadaí na n-áitritheoirí Breandán Mac Cionnaith na moltaí le muintir an cheantair i gcruinniú aréir ach níor tugadh aon eolas fúthu d'iriseoirí.
Níos túisce inné, ar theacht amach as Caisleán Chromghlinne dó, dúirt Breandán Mac Cionnaith go nglacfadh na háitritheoirí lenar mhol Chris Bryant dá nglacfadh an tOrd Oráisteach leis.
Ag slógadh dílseoirí i lár Phort an Dúnáin aréir, áfach, dúirt duine de phríomhionadaithe an Oird Oráistigh, an feisire parlaiminte Carla Lockhart ón DUP, dúirt sí nach raibh aon ghlacadh acusan le moltaí an Stát-Rúnaí.
Dúirt sí leis an slua nach ngéillfeadh na hOráistigh agus nach nglacfaidís le haon mholtaí réitigh muna mbeadh cead máirseáil trí Bhóthar Gharbhachaidh ar cheann acu.
Bhí an gníomhaí dílseach Jamie Bryson le taobh Carla Lockhart ar an ardán agus dúirt seisean nach ndéanfadh Oráistigh Phort an Dúnáin aon mhargadh.
Baineann an t-aighneas leis an gcinneadh a rinne Coimisiún na bParáidí sa Tuaisceart Dé hAoine seo caite cead a thabhairt don Ord Oráisteach máirseáil trí cheantar náisiúnach Bhóthar Gharbhachaidh den chéad uair ó 1997, cinneadh a bhfuil áitritheoirí an cheantair sin ag cur go láidir ina aghaidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ