skip to main content

'Iosrael ag fiosrú cé a bhí freagrach as ionsaí ar eitleán'

A plane is seen on the Airport tarmac

Getty

Thuirling an t-eitleán go sábháilte i dtuaisceart na hAraibe Sádaí

Dúirt príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu go raibh údaráis na tíre ag fiosrú cé a bhí freagrach ó bhonn as an iarracht a rinne píolóta eitleán a chur go talamh san Iordáin inné.

Bhí an t-eitleán ar a bealach as Dubai go Tel Aviv in Iosrael nuair a thug an comhphíolóta fogha faoin bpíolóta agus sháigh é.

Is cosúil gur sheas an píolóta an fód agus d'éirigh leis comharthaí éigeandála a chur amach.

Leis sin, tháinig daoine eile ón gcriú agus paisinéirí isteach i gcró an phíolóta, rug siad ar an gcomhphíolóta, cheansaigh é agus ghabh smacht ar an eitleán a bhí tar éis titim na mílte troigh go tobann.

Bhí píolótaí eile ar bord an eitleáin agus stiúir siad í chomh fada le Tabuk i dtuaisceart na hAraibe Sádaí, áit ar thuirling sí go sábháilte.

Saoránaigh de chuid Iosrael ab ea formhór na bpaisinéirí agus dúirt duine acu gur chreid sí go raibh an comhphíolóta ag féachaint leis an eitleán a chur go talamh le súil gach duine a bhí ar bord a mharú.

Tuairiscítear gurb as Óman an comhphíolóta, atá á cheistiú ag na húdaráis san Araib Shádach, ach níl aon eolas eile tugtha faoi go hoifigiúil go dtí seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ