skip to main content

Saineolaithe fiadhúlra sa tóir ar chuasnóg cornfhoichí Áiseacha

sample caption

Getty

Dá lonnódh cornfhoichí Áiseacha in Éirinn, d'fhéadfaidís scrios a dhéanamh ar fheithidí dúchasacha

Tá saineolaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i mbun dianchuardaigh i Rinn an Scidígh i gCo Chorcaí le súil teacht ar chuasnóg cornfhoichí Áiseacha a chreidtear atá in áit éigin sa cheantar.

Glacadh grianghraf de cheann de na cornfhoichí sa cheantar an tseachtain seo caite agus thángthas ar cheann eile ansin inné.

Tá baoite curtha amach in ionaid éagsúla ag na saineolaithe chun na cornfhoichí a mhealladh.

Tá súil acu breith ar cheann acu ar a laghad, tarchuradóir beag bídeach a chur ar a droim agus a lorg a leanúint ar ais go dtí an chuasnóg.

An tAire Stáit Christopher O'Sullivan, a bhfuil cúraimí fiadhúlra air, dúirt sé go raibh an-rath ar na tarchuradóirí sin i dtíortha eile, Sasana ina measc.

Bíonn roinnt máithreacha aba i gcuasnóg cornfhoichí Áiseacha.

Fágann siad an chuasnóg san fhómhar, caitheann siad an geimhreadh taobh amuigh agus bunaíonn siad cuasnóga nua dá gcuid féin san earrach.

Asian hornets feeding on a sugar bait bottle in Cork city
Cuirtear amach baoite le cornfhoichí Áiseacha a mhealladh

Ina fhianaise sin, arsa Christopher O'Sullivan, tá sé ríthábhachtach an chuasnóg a aimsiú gan mhoill, sula bhfágfaidh na máithreacha aba í.

Fuarthas dhá chuasnóg cornfhoichí Áiseacha i gCo Chorcaí anuraidh.

Dá lonnódh cornfhoichí Áiseacha in Éirinn, d'fhéadfaidís scrios a dhéanamh ar fheithidí dúchasacha na tíre, lena n-áirítear beacha meala, beacha gabhair, beacha aonair, bumbóga, féileacáin agus feithidí nach iad.

Maraíonn siad na feithidí sin lena larbhaí féin a bheathú leo.

Den chuid is mó, ní ionsaíonnn cornfhoichí Áiseacha daoine ach amháin má ghriogtar chun feirge iad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ