Tá cead pleanála diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do chomhlacht fuinnimh ghréine a bhí ag iarraidh ionad ginte fuinnimh a thógáil in aice le dhá shráidbhaile in oirthear an chontae, Muine Mheá agus Mainistir Chnoc Muaidhe.
D'iarr Heron Solar cead painéil ghréine a lonnú ar shuíomh 239 heicteár a mbeadh feidhm leo go ceann 40 bliain.
Mar chuid den togra a bhí beartaithe, iarradh cead bealaí isteach nua sa suíomh a thógáil agus córas nua draenála a leagan amach ann.
Bhí a mbeannacht tugtha don togra ag roinnt úinéirí talún sa cheantar ach chuir daoine áitiúla eile ina aghaidh ar an mbonn go mbeadh an t-ionad nua rómhór agus róghar do thithe cónaithe, dar leo.
Is 350 aighneacht san iomlán a fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an togra.
Diúltaíodh an cead pleanála ar an mbonn go mbeadh an togra ag teacht salach ar Phlean Forbartha an Chontae i dtaca le cúrsaí pleanála de.
Thug an t-údarás áitiúil le fios nach raibh siad sásta nach ndéanfadh an t-ionad fuinnimh dochar do Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Loch Coirib.
Dúradh freisin go raibh siad imníoch faon tionchar a bheadh ag oibreacha thart ar an ionad fuinnimh ar bhóithre an cheantair agus faoin mbaol a bheadh ann go dtarlódh tuilte ar an suíomh agus sa cheantar máguaird.
Tá ceithre seachtaine ag Heron Solar chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ