Theip ar an iarracht a rinne oifigigh i bpríosún i stát Tennessee sna Stáit Aontaithe príosúnach mná a chur chun báis in ainneoin gur thug siad dhá instealladh de dhruga marfach di.
Daoradh chun báis Christa Pike i 1996, nuair a bhí sí 20 bliain d'aois, as bean óg, Colleen Slemmer, a dhúnmharú an bhliain roimhe sin.
Bhí sí le bheith ar an gcéad bhean a cuireadh chun báis in Tennessee le 200 bliain.
Tar éis d'oifigigh an dá instealladh den druga pentobarbital a thabhairt di, más ea, bhí sí fós ina beatha.
Is cosúil nach raibh sí ach ina suan codlata ó bhí sí ag srannadh go hard.
Tugadh Christa Pike ón bpríosún in Nashville chun an ospidéil ach níl aon eolas tugtha faoin mbail atá uirthi.
Tuigtear nár tharla sé riamh cheana gur tháinig duine slán ó iarracht ar mharú mar é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ