skip to main content

'Ionadaithe Bhóthar Gharbhachaidh sásta le cáipéis Chris Bryant'

Breandan Mac Cionnaith speaking outside Hillsborough
Breandán Mac Cionnaith ag labhairt le hiriseoirí ag geata Chaisleán Chromghlinne

Tá sé tugtha le fios ag Breandán Mac Cionnaith, príomhionadaí áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh, go bhfuil siad sásta le moltaí atá i gcáipéis a fuair siad ó Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant inniu maidir le paráid chonspóideach na nOráisteach i bPort an Dúnáin.

Chaith Breandán Mac Cionnaith seacht n-uaire an chloig i gCaisleán Chromghlinne i gCo an Dúin inniu, áit a raibh cruinnithe ag na grúpaí éagsúla atá bainteach leis an gconspóid le Chris Bryant agus lena chuid oifigeach.

Nuair a tháinig sé amach as an áit, dúirt Breandán Mac Cionnaith le nuachtóirí go nglacfadh áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh lena bhfuil sa cháipéis dá nglacfadh an tOrd Oráisteach leis.

Dúirt sé go raibh sé ag filleadh ar Bhóthar Gharbhachaidh leis an gcor nua seo sa scéal a phlé leis an bpobal ansin.

Sular imigh sé, dúirt sé go dtiocfadh sé ar ais go Caisleán Chromghlinne nuair ba ghá.

Portadown Orange Order District Master Nigel Dawson speaks to media alongside Jamie Bryson
Nigel Dawson agus Jamie Bryson ón Ord Oráisteach

Tháinig ionadaithe ón Ord Oráisteach amach as an gcaisleán go gairid ina dhiaidh sin.

Dúirt siad go raibh siad i mbun comhráite le Chris Bryant i gcónaí, ach níor thug siad aon eolas eile uathu agus dhiúltaigh siad aon cheisteanna a fhreagairt.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ