skip to main content

'Ní féidir glacadh le dlí an tslua' – Jon Boutcher

Garvaghy Road - Pic - Una Kelly - RTE
Léirsitheoirí ar Bhóthar Gharbhachaidh inné

Dúirt ardchonstábla na bpóilíní sa Tuaisceart Jon Boutcher nach féidir glacadh le dlí an tslua i dtaca leis an aighneas faoin bparáid Oráisteach i bPort an Dúnáin agus dúirt sé go raibh mórfhiosrúchán coiriúil ar bun ag na póilíní faoi léirsiú neamhdhleathach ar Bhóthar Gharbhachaidh.

I ráiteas, dúirt Jon Boutcher go leanfadh a chuid oifigeach orthu ag póilíniú na conspóide faoin bparáid "go neamhspleách agus go neamhchlaonta" agus mhaígh sé gur ar na póilíní a thit an cúram arís eile "an turraing sa tsochaí a mhaolú", mar a dúirt sé.

Na béiceacha atá daoine a ligean air, arsa sé, ní rachaidh siad i gcion ar a bhreithiúnas, olc ná maith.

Dúirt sé go raibh treoir shoiléir tugtha aige dá chuid oifigeach fianaise a bhailiú faoin léirsiú ar Bhóthar Gharbhachaidh agus próiseas ceartais choiriúil a chur sa siúl.

Tá an tOrd Oráisteach i bPort an Dúnáin ag éileamh ar na póilíní an dlí a chur i bhfeidhm maidir leis an gcinneadh a rinne Coimisiúin na bParáidí faoin bparáid i bPort an Dúnáin.

Dé hAoine seo caite, thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil trí cheantar náisiúnach Bhóthar Gharbhachaidh an Domhnach dar gcionn, cinneadh a bhfuil na háitritheoirí ag cur go láidir ina aghaidh.

A member of the Orange Order stands outside Drumcree Church in Portadown
Ball den Ord Oráisteach ag séipéal Dhroim Crí ag barr Bhóthar Gharbhachaidh

Caitheadh amhras ar chinneadh Choimisiún na bParáidí san Ardchúirt i mBéal Feirste ar an Satharn ach daingníodh an cinneadh sa Chúirt Achomharc go deireanach an oíche sin.

Ní hé sin deireadh an scéil ó thaobh an dlí de, áfach, ó tá áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh ag iarraidh ar an gCúirt Achomharc éisteacht eile a thabhairt dóibh.

Cuirfear an t-iarrtas sin os comhair na cúirte arú amárach.

Tá áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh agus a lucht tacaíochta ag léirsiú ar an mbóthar ó fógraíodh cinneadh Choimisiún na bParáidí le dúil na hOráistigh a choinneáil amach as an gceantar, agus sin é an "dlí an tslua" a raibh Jon Boutcher ag caint air, de réir dealraimh.

Chris Bryant
Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant

Is caint níos boige ná Jon Boutcher a rinne Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant faoin gconspóid inniu.

Dúirt sé go raibh na comhráite a bhí aige go dtí seo le gach dream a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist, go raibh siad "cairdiúil, oscailte agus macánta".

Thug sé le fios go deimhin go rabhthas "ag teacht i gcóngar" réitigh agus nár theastaigh ach iarracht amháin eile, iarracht a chaithfeadh gach dream a dhéanamh in éineacht.

Bhí tuilleadh cruinnithe ag Chris Bryant inniu leis an Ord Oráisteach agus le háitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh i gCaisleán Chromghlinne i gCo an Dúin ach níl aon dream díobh ag caint fós ar a bheith "i gcóngar" réitigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ