skip to main content

'Eachtra sceimhlitheoireachta' ar eitleán as Dubai go Tel Aviv

County Clare, Ireland
Bhí an t-eitleán in aerspás na hIordáine nuair a tharla an eachtra (Pic: Cartlann)

Creideann rialtas Iosrael gur iarracht ar ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí san eachtra a tharla ar eitleán a bhí ar a bealach as Dubai go Tel Aviv ar maidin inniu.

Bhí an t-eitleán in aerspás na hIordáine nuair a thosaigh an píolóta agus an comhphíolóta ag troid le chéile.

Deir na hIosraelaigh gur cosúil gur sháigh an comhphíolóta an píolóta sular tháinig daoine eile ón gcriú isteach i gcró an phíolóta agus ghabh smacht ar an eitleán.

Deir na hIosraelaigh freisin gur chuir an t-eitleán comharthaí éigeandála amach nuair a thosaigh an troid.

Cuireadh an t-eitleán malairt treo ina dhiaidh sin agus thuirling sí go sábháilte san Araib Shádach.

Tuairiscítear nach gcreidtear faoi láthair go raibh baint ag meabhairshláinte ceachtar den bheirt phíolótaí leis an eachtra.

Dúirt duine de na paisinéirí go gcreideann sí go raibh duine de na píolótaí ag féachaint leis an eitleán a chur go talamh san Iordáin le súil gach duine a bhí ar bord a mharú.

Saoránaigh de chuid Iosrael ab ea formhór na bpaisinéirí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ