Tá áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin ag iarraidh cruinniú ar ardchonstábla na bpóilíní sa Tuaisceart Jon Boutcher leis an aighneas faoin bparáid Oráisteach ar an mbaile sin a phlé.
Baineann an scéal leis an gcinneadh a rinne Coimisiún na bParáidí Dé hAoine seo caite cead a thabhairt don Ord Oráisteach máirseáil trí cheantar náisiúnach Bhóthar Gharbhachaidh den chéad uair ó 1997, cinneadh a bhfuil na háitritheoirí ag cur go láidir ina aghaidh.
Teastaíonn ó na háitritheoirí, a deir siad, cruinniú a bheith acu le Jon Boutcher le tuilleadh eolais a fháil uaidh faoin measúnú slándála a thug na póilíní do Choimisiún na bParáidí sula ndearnadh an cinneadh sin.
Pléadh an t-aighneas i gcruinniú a bhí ag pobal Bhóthar Gharbhachaidh i halla áitiúil aréir.
Ní raibh cead isteach sa chruinniú ag nuachtóirí ach ina dhiaidh dúirt príomhionadaí na n-áitritheoirí Breandán Mac Cionnaith gur thug sé cuntas don slua ar na comhráite a bhí aige féin agus ionadaithe eile le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant inné.
Thug sé le fios nach bhféadfadh sé a rá an ndearnadh aon dul chun cinn sna comhráite sin.
Ina cheann sin, chuir Breandán Mac Cionnaith i leith Jon Boutcher go raibh sé á fholú féin ar áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh agus dúirt go raibh sé thar am ag an ardchonstábla teacht chun cainte leo.
Bhí cruinniú inné freisin ag Chris Bryant le príomhionadaí an Oird Oráistigh i bPort an Dúnáin, Nigel Dawson, agus le baill eile den eagraíocht sin.
Dúirt Nigel Dawson gur cruinniú an-dearfach a bhí ann agus thug sé le tuiscint go ndearnadh dul chun cinn ann.
Tráthnóna inné, d'fhógair áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh go raibh siad le dul i muinín an dlí an athuair.
Dar leo go ndeachaigh Coimisiún na bParáidí amú i dtaca leis an measúnú slándála a thug na póilíní dóibh agus tá siad ag iarraidh go gcealófaí an cead a tugadh do na hOráistigh máirseáil tríd an gceantar náisiúnach mar gheall ar an "dul amú "sin.
Éistfear a gcás sa Chúirt Achomharc i mBéal Feirste arú amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ