skip to main content

100,000 oibrí san earnáil phoiblí ag obair de réir rialach

Doctors and nurses walking up a corridor in a hospital with a trolley bed in the foreground

Getty

Atraí i measc na n-oibrithe atá ag obair de réir rialach ó inniu

Tá os cionn 100,000 oibrí san earnáil phoiblí ag obair de réir rialach ó inniu mar gheall ar aighneas faoi chúrsaí pá.

Tá altraí, foireann scoile agus státseirbhísigh i measc na n-oibrithe atá páirteach sa ghníomhaíocht thionsclaíoch.

Deir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann nach mbeidh na baill ach ag comhlíonadh a ngnáthdhualgas maidir le cúram othar agus nach ndéanfaidh siad aon obair bhreise gan íoc.

Oibrithe sláinte eile, cúntóirí riachtanas speisialta, agus oibrithe sna húdaráis áitiúla ar baill iad de na ceardchumainn Fórsa agus SIPTU, ní dhéanfaidh siadsan aon obair bhreise ach oiread leis na haltraí.

Tá ceardchumainn eile san earnáil phoiblí le tús a chur le gníomhaíocht thionsclaíoch as seo go ceann cúpla lá agus tá dhá stailc lae beartaithe ag na ceardchumainn ar an 14 Deireadh Fómhair agus ar an 21 Deireadh Fómhair.

Tháinig deireadh leis an gcomhaontú pá deireanach san earnáil phoiblí trí mhí ó shin agus maíonn na ceardchumainn go bhfuil an Rialtas ag diúltú an costas ard maireachtála a chur san áireamh i gcomhráite faoin gcéad chomhaontú eile.

Deir an Roinn Caiteachais Phoiblí, más ea, gur trua go bhfuil na ceardchumainn ag cur isteach ar sheirbhísí poiblí in áit dul i mbun "cainteanna substainteacha" faoi chomhaontú pá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ