skip to main content

18,000 áit chónaithe, ionad gnó gan cumhacht leictreach

Mark Lennon carries out repairs to fallen power cables in Balbriggan, Co. Dublin
Teicneoirí ag nascadh custaiméirí leis an líonra leictreachais arís

Fágadh thart ar 18,000 áit chónaithe agus ionad gnó gan cumhlacht leictreach mar gheall ar an ngaoth mhór agus ar an mbáisteach throm a bhí ann i gcaitheamh na hoíche.

Deir Bord Soláthair an Leictreachais gur custaiméirí i ndeisceart agus in iardheisceart na tíre is mó a bhí thíos leis.

Deir an comhlacht go bhfuil teicneoirí ag nascadh na gcustaiméirí sin leis an líonra leictreachais arís de réir a chéile.

Bhí roinnt foláireamh buí báistí eisithe ag Met Éireann inné, agus cé go bhfuil deireadh tagtha leo ó shin deir na meitéareolaithe go bhfuil fuarlaigh in áiteanna fós.

Tá tuilleadh ceathanna trom báistí agus stoirmeacha toirní geallta i gCúige Mumhan arís inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ