Scríobhann Dermot O' Hanlon, Stiúrthóir an chláir, Put 'Em Under Pressure faoin tábhacht, comhthéacs agus stair an amhráin.
Seasann Put 'Em Under Pressure amach i measc na rosc spóirt is fearr riamh. B'shin stíl imeartha foireann sacair na hÉireann agus an mana a bhí ag Jack Charlton i gcónaí – an céilí comhrac a choinneáil faoi bhrú an t-am ar fad.
Fiú anois, 36 bliain ón am gur eisíodh é, tá rian láidir fágtha aige orainn. Cén t-amhrán a casadh i bPáirc an Chrócaigh agus Katie Taylor i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Flora Pili? Put ‘Em Under Pressure dár ndóigh… bhí an fuinneamh & an t-atmaisféar ardaithe agus olé, olé, olé á chanadh amach ag lucht leanta Khatie.
D'fhás mé aníos le Put ’Em Under Pressure.
Domsa, tá an t-amhrán sin fite fuaite le Corn an Domhain, Italia ‘90. Bhí mé i mo pháiste óg nuair a fuair Éire deis imeartha sa Chorn Domhanda san Iodáil, agus tá cuid de na cuimhní is láidre atá agam ó m’óige ceangailte leis an samhradh sin — an fhoireann, na sceitimíní le linn na gcluichí, an tír ar fad bailithe timpeall na teilifíse agus, thar aon rud eile, an t-amhrán sin.
Bhí gach nóta de ar eolas agam, ar ndóigh. Is féidir an t-amhrán a dheighilt ina cúig chuid. Guth dodhearmadta Mhoya Brennan ag an tús. Do an-chuid daoine, nuair a chloiseann siad an guth sin, cloiseann siad glór na hÉireann, ár gcultúr féin. Ina dhiaidh sin, an píosa ar an ngiotar ó amhráin de chuid Horslips, Dearg Doom, á sheinnt ag Anto Drennan.
Tháinig an fonn sin ó phíosa ceoil ársa ar a dtugtar Máirséal Uí Néill, a bhíodh á sheinnt ag leithidí Ceoltóirí Chualann agus The Chieftains. Ansin, tá an mhír le olé, olé olé, agus ní fios d'éinne cad as a dtáinig sé sin, nó cén bhaint atá aige le lucht leanta sacair na hÉireann! Ansin tá píosa an-suimiúil, ‘We’re all part of Jackie’s Army,' agus bhí sé sin tógtha go huile is go hiomlán ó amhrán a bhí ag fear d’arbh ainm Andy Cameron i 1978, a chuaigh chomh fada le uimhir a sé i gcairteacha na Breataine.
Amhrán é seo a bhí ag déanamh ceiliúrtha ar fhoireann na Albain ag dul chomh fada le Corn an Domhain san Airgintín i 1978. Agus tá an fonn ceanann céanna i gceist – ach ní fonn nua a bhí ann i 1978 ach an oiread – téann an fonn siar go dtí lár an 9ú haois déag – go amhrán a bhíodh á chanadh le linn cogadh cathartha Mheirceá – ‘Tramp, Tramp, Tramp The Boys are Marching’. Ar deireadh ansin bhí guth Jack Charlton, a bhí chomh lárnach sa rud ar fad, le cloisteáil.
An rud a bhí dearmadta agam ná cé a bhí taobh thiar den taifead.
Bhí sé go h-iomlán dearmadta agam go raibh Larry Mullen Jr. ar dhuine de na príomh léiritheoirí. Bhí U2 i mbarr a réime san am, iad díreach tar éis Achtung Baby a chríochnú, agus cé a chreidfeadh é, seo Larry Mullen agus é ag obair ar amhráin d'fhoireann sacair na hÉireann.
Is deacair dúinne inniu a shamhlú cé chomh difriúl agus a bhí saol na n-imreoirí idirnáisiúnta ag an am. Ní raibh na tuarastail ná na socruithe urraíochta a bhaineann le peileadóirí an lae inniu ann. Bhí na himreoirí go díreach sásta agus bródúil as a bheith ag imirt dá dtír agus ní raibh mórán airgead i gceist ar chor ar bith. Mar sin, ba bhealach é dóibh cúpla punt sa bhreis a dhéanamh as an ócáid dochreidte seo a bhí cruthaithe acu.
Bhí sé dearmadta agam chomh maith cé mhéid amhráin eile a bhí ann ag an am – ‘Jack’s Heroes’ le The Pogues & The Dubliners, ‘The Game’ le The Memories, ‘Give It a Lash Jack’ le Liam Harrison agus go leor eile.
Nuair a bhí an taifead ar siúl againn, bhíomar i dteagmháil le foireann poiblíochta U2 agus cuireamar iarratas isteach le haghaidh agallamh le Larry Mullen, ach bhí U2 ag déanamh taifeadadh ar albam nua s’acu ag an am, áfach, agus mar sin ní raibh Larry ar fáil.
Mhol Larry dúinn labhairt le Dave Pennefather, stiúrthóir bainistíochta Mother Records agus Universal ag an am. Bhí Dave thar barr – agus gan é ní bheadh an t-amhrán againn ar chor ar bith! Bhí croí Dave istigh sa sacar & i bhfoireann na hÉireann, agus b'eisean a thóg Larry go Lansdowne Road an chéad lá riamh. Is ag Dave a bhí an smaoineamh amhrán sacair a dhéanamh an chéad lá riamh – buíochas mór le Dia!
Bhí Niall Quinn thar barr chomh maith – dár leis nach bhfuil guthanna na foirne le chloisteáil ar an leagan deiridh den amhrán ar chor ar bith – ní raibh guthanna s’acu maith go leor do Larry ar deireadh! De réir dealramh bhí cúpla pionta caite siar sa Dockers Bar sular shroich siad Windmill Lane don taifead.
Sin ceann de na rudaí is deise faoin obair seo. Tosaíonn tú amach le rud a mheasann tú go bhfuil tú eolach faoi agus, de réir mar a bhíonn tú ag tochailt níos doimhne, cuirtear ar do chuid súile go bhfuil scéal i bhfad níos castaí i gceist.
Bhí an t-ádh dearg orainn ó thaobh ábhar cartlainne chomh maith. D’aimsigh muid clár faisnéise álainn sa gcartlann ar a bhfuil ‘Qué Sera, Sera’ bhí déanta ag Billy McGrath agus Windmill Lane le linn Italia ’90. Rinneadar éacht leis an taifead seo – bhíodar de shíor i gcuideachta na foirne agus fáil acu orthu nach bhfaighfeá sa lá atá inniu ann, agus thug Billy cead dúinn úsáid a bhaint as an scannán – ní fheadfaimis an clár a dhéanamh gan é. Rinne sé stiúradh ar an bhfíseán ceoil oifigiúil chomh maith.
Agus mé i mo pháiste, níor smaoinigh mé ar Put ’Em Under Pressure ach mar chuid den atmaisféar a bhain le Italia’90. Bhí sé ann mar chuid d'fhuaimrian an tsamhraidh draíochtúil sin. Anois agus an scéal ar fad ar eolas agam ó bhun go barr – tá sé níos fearr fós.
Mar atá feicthe againn le déanaí, tá rud éigin ag baint le foireann sacair na hÉireann nach bhfuil ag aon dream eile sa tír – tógann siad an tír ina iomláine le chéile. Níl aon dabht ach gur am speisialta é 1990 inár stair, agus mar a deirtear, tá stair na hÉireann ina dhá chuid – roimh Italia ’90 agus ina dhiaidh.
Is mór an trua nach bhfuil foireann sacair na hÉireann ag tabhairt mórán cúis céiliúrtha dúinn na laethanta seo ach tiocfaidh sin le ham…olé, olé, olé, olé!
Aistear an Amhráin- Put 'em Under Pressure, Dé Sathairn, 3 Deireadh Fómhair, 8.15pm ar RTÉ ONE