skip to main content

'Folús eolais' maidir le hearcaithe le Gaeilge

Labhair Shane Moynihan, T.D Fhianna Fáil Bhaile Átha Cliath Thiar Lár agus Cathaoirleach Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcáineadh a rinneadh faoi phlean an rialtais Gaeilge a bheith ag 20% d'earcaithe sa tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030.

Dúirt Moynihan bunaithe ar an méid a chuala sé ag an gComhchoiste Dála ó oifigigh de chuid An Chaiteachais Phoiblí, Buneagair Athchoiriúcháin, na Roinne Forbartha agus Tuaithe agus na Gaeltachta agus na Roinne Ceapacháin Phoiblí a labhair ag an gcruinniú gur léir go raibh 'dóchas agus muinín' ann maidir leis an sprioc ach nach raibh eolas ár fáil maidir le dul chun cinn an phlean.

Luaigh an T.D. gur iarr sé ar Roinn na Gaeltachta an t-eolas seo a chur ar fáil agus luadh go mbeadh an r-eolas seo ar fáil faoin am seo an bhliain seo chugainn ach go dtí sin, beidh folús eolais ann maidir le dul chun cinn an phlean.

Fachtna Ó Drisceoil
Fachtna Ó Drisceoil, láithreoir Thús Áite

Dúirt Moynihan, áfach, go raibh go leor eolas dearfach curtha os comhair an Chomhchoiste maidir leis an méid atá bainte amach sa phlean. Luaigh sé go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an rialtas maidir le cé a dhéanfaidh monatóireacht ar thorthaí an phlean seo agus maidir le plean B, mura n-oibríonn an plean seo amach mar a beartaíodh.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.