skip to main content

Faobhar: Podchraoladh úr polaitíochta

Labhair muid le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bpodchraoladh nua, Faobhar, ar a mbeidh sé le cloisteáil le Caoimhe Ní Laighin, gach Déardaoin.

Is podchraoladh faoi leith é seo a bheidh á thaifead i stiúideo na Dála, i dTeach Laighean a thabharfaidh spléachadh dúinn ar mhórimeachtaí polaitiúla na seachtaine. Deir Ó Seireadáin go mbeidh an podchraoladh ag déanamh anailís ghéar ar a bhfuil ag tarlú san Oireachtas d'éisteoirí an chláir.

Dúirt Cuan, atá ag obair mar eagraí polaitíochta do RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil sé ag súil le scéalta atá úr a thabhairt chomh fada le Caoimhe Ní Laighin, láithreoir Faobhar, le cíoradh cuimsitheach a dhéanamh orthu.

Dúirt Hugh Ormond, Head of Podcasting, RTÉ - "We're delighted to welcome Faobhar to the Podcast family as another example of RTÉ's commitment to providing quality content as Gaeilge to our audiences. RTÉ Journalists Cuan Ó Seireadáin and Caoimhe Ní Laighin have years of experience covering political stories and together with guest political correspondents and analysts Faobhar will give listeners a deeper insight into the workings of our parliamentary democracy."

Cuan Ó Seireadáin

Podchraoladh úr polaitíochta ag díriú ar imeachtaí na seachtaine san Oireachtas agus a dtionchar sa tsochaí mhór as Stiúideo na Dála i dTigh Laighean.

Á chur i láthair ag Caoimhe Ní Laighin le Cuan Ó Seireadáin, ar fáil gach trathnóna Dhéardaoin. A new politics podcast reviewing the events of the Oireachtas week and their influence on wider society produced in the Dáil Studio in Leinster House. Presented by Caoimhe Ní Laighin with Cuan Ó Seireadáin, available every Thursday evening